Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€2500
Foirm ealaíne:
Ceol
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
No
Áisínteacht sheachtrach:
The Arts Council of Northern Ireland
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
http://www.artscouncil-ni.org
Teileafón:
+44 28 9038 5200
Ríomhphost:
info@artscouncil-ni.org
Arna feidhmiú agComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Cur síos
Soláthraíonn an Chomhairle Ealaíon ó dheas agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, i gcomhar a chéile, maoiniú chun gur féidir le duine amháin freastal ar an Skidmore Jazz Institute, a ritear gach samhradh ar champas Skidmore College i stát Nua Eabhrac, SAM. Is ann, ar feadh coicíse, a bhíonn cuid de na daoine is iomráití sa snagcheol agus san oideachas snagcheoil, ag teagasc, ag seinm agus ag roinnt a dtaithí le mic léinn de gach aois.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Glacfar le hiarratais ó cheoltóirí snagcheoil daois ar bith atá lonnaithe, agus a chuireann le himeachtaí snagcheoil ar bhonn rialta in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann. Déanfar Dámhachtain Snagcheoil Skidmore a thairiscint ar an taibheoir óg is tréithí dar leis an bpainéal roghnaithe.
Céard a chuirtear ar fáil?
Os rud é go ndírítear ar ghrúpaí beaga ón taobh léiriúcháin de, cuirtear gach scoláire i ngrúpa de scoláirí leis an ábaltacht céanna. Déantar na ranganna ionstraimeacha leis an dámh duine le duine, agus glacann scoláirí páirt i seisiúin ar thobchumadóireacht, stair, chóiriú agus chumadóireacht. Ina theannta sin, tugann máistir-ranganna deis do na scoláirí chun bualadh leis na haoi-ealaíontóirí a bhíonn ag freastal ag na ceolchoirmeacha sa tráthnóna. Le blianta beaga anuas, bhí snagcheoltóirí mór le rá cosúil le Maynard Ferguson, James Moody, Joe Lovano, Benny Golson, Dave Valentin, Eddie Gomez, Benny Green agus Arthur Taylor mar aoi cheoltóirí Skidmore. Déanann na scoláirí freastal ar Fhéile Snagcheoil Saratoga freisin.
Clúdaíonn an dámhachtain costais na heitilte, an lóistín agus an táille a ghearrtar ar son an chúrsa. Spriocdháta 29 Eanáir 2009
Sonraí teagmhála
Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann
Rannóg Forbartha Ealaíon
77 Bóthar Mhaigh Luain
Béal Feirste BT9 6AQ
Tuaisceart Éireann
Teil: +44 28 9038 5200 (048 9038 5200 ó Phoblacht na hÉireann)
Facs: +44 28 9066 1717 (048 9066 1717 ó Phoblacht na hÉireann)
Ríomhphost: info@artscouncil-ni.org
Gréasán: www.artscouncil-ni.org