Reel Art scheme
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€80000
Foirm ealaíne:
Scannáin
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Clare Creely
Teileafón:
01 679 67 16
Ríomhphost:
info@reelart.ie
Is scéim de chuid na Comhairle Ealaíon í Reel Art a ceapadh chun deis uathúil a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne. Beidh an scéim Reel Art á feidhmiú i gcomhar le Filmbase agus le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson, agus beidh sí ag cur tacaíochta ar fáil do thrí scannán le deontas suas le €70-80,000 in aghaidh an tionscadail. Léireofar scannáin Reel Art den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson i mí Feabhra 2014.
Tabhair faoi deara le do thoil:
Tá cuireadh á thabhairt dealaíontóirí scannán ar spéis leo cur isteach ar Reel Art teacht chuig seisiún eolais faoin scéim ag Central Hotel, Exchequer Street, Dé Céadaoin, 19 Meán Fómhair ag 3.30in. Tabharfaidh ionadaithe na Comhairle Ealaíon agus Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson cur síos ar chuspóir agus ar thosaíochtaí na dámhachtana agus freagróidh siad ceisteanna faoin scéim. Ba cheart do dhaoine ar spéis leo a bheith i láthair é sin a léiriú trí ríomhphost a sheoladh chuig info@reelart.ie.
Treoirlínte agus foirmeacha iarratais
Is féidir treoirlínte agus foirmeacha iarratais a íoslódáil ó shuíomh Gréasáin Reel Art ag na naisc seo a leanas:
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór diarrthóirí an fhoirm iarratais Reel Art a chomhlánú agus a chur isteach mar aon leis na hábhair atá liostaithe thíos, ag 17:00 Dé Máirt, 16 Deireadh Fómhair nó roimhe sin. Ní ghlacfar ach le hiarratais i gcóip chrua. Ní ghlacfar le hiarratais ar líne ná le hiarratais dhéanacha.
Cuirfear in iúl d’iarratasóirí i mí na Nollag 2012 má tá siad curtha ar an ngearrliosta. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a bheidh curtha ar an ngearrliosta dul faoi agallamh i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir 2013.
Ní mór na rudaí seo a leanas a sholáthar sna hiarratais:
- Foirm iarratais chomhlánaithe;
- Achoimre in abairt amháin;
- Achoimre in alt amháin;
- Cóiriú (uasmhéid 6 x leathanach A4 i gclómhéid 12 phointe);
- Nótaí ina leagtar amach an cur chuige atá beartaithe;
- Buiséad agus achoimre ar an mbuiséad (ceadanna ceoil agus ábhair, nithe a sholáthrófar agus ábhair mhargaíochta san áireamh);
- CVanna le haghaidh fhoireann chruthaitheach an togra, lena n-áirítear an stiúrthóir, an léiritheoir, an scríbhneoir agus an t-eagarthóir;
- Fianaise ar úinéireacht ar chearta. (Cóipeanna de gach comhaontú rogha nó scríbhneora a dhéantar i leith an scéil agus na scripte, má bhaineann sé leis an tionscadal);
- Deimhniú scríofa, i bhfoirm ceadanna, go bhfuil na príomhpháirtithe toilteanach a bheith páirteach;
- 3 shliocht de shaothar an Stiúrthóra (ní seóspól);
- Aon ábhair thacaíochta chuí.