Camchuairt Scaipthe Saothair-Plean Roimh Ré

Spriocdháta: Spriocdháta thart

Suim a dámhadh: Unlimited

Foirm ealaíne: Ailtireacht, Na healaíona rannpháirteachais, Sorcas, Rince, Féilte agus imeachtaí, Scannáin, Litríocht an Bhéarla, Ceol, Ceoldráma, Seónna, Sráidealaine, Téatar, Na healaíona traidisiúnta, Ionaid Tionóil, Na físealaíona, Daoine óga, páistí agus na healaíona

Cineál lucht éisteachta: Ealaíontóir,Eagraíocht

Comhoibriú No

Teileafón: 01 6180200


Tá an scéim Réamhphleanála le haghaidh 2014 beartaithe chun tacú le camchuairteanna atá ag brath ar thiomantais shonracha chonarthacha níos mó ná 12 mhí roimh ré. Agus an scéim seo á tairiscint aici, tá sé mar aidhm ag an gComhairle Ealaíon tacú leo seo a leanas: Tionscnaimh atá ar ardchaighdeán ealaíonta agus a bhfuil an-bhéim acu ar an lucht féachana tríd is tríd; cothromaíocht maidir le camchuairteanna i ngach foirm ealaíne agus i ngach cleachtas ealaíon.

Tá an scéim oscailte diarratais ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair. Spreagtar iarratais ina léirítear comhoibriú nó chomhpháirtíocht idir líonrí, cuibhreannais nó grúpaí eile láithreoirí, go háirithe nuair a léirítear iontu ardleibhéal rann pháirtíochta le luchtanna féachana agus ardleibhéal comhoibrithe leis an aonán nó leis na healaíontóirí atá i mbun léirithe.

Iarratasóirí atá ag fáil maoinithe eile de chuid na Comhairle Ealaíon, beidh siad i dteideal iarratas a dhéanamh, ar an gcoinníoll go mbeidh sé soiléir go bhfuil an ghníomhaíocht camchuairte agus scaipthe saothair dá bhfuil maoiniú tairgthe ina leith ag an gComhairle Ealaíon cheana féin.

Réamhphleanáil 2014 Spriocdháta

5.30 Déardaoin an 15 Samhain, 2012. Ní mór gach iarratais a sheoladh isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.

Osclóidh an fhuinneog laghaidh iarratasaí arlíne ar 15 Deireadh Fómhair 2012.

Treorlínte

Sula ndéanfaidh tú iarratas ní mór duit na Treoirlínte Dámhachtana a léamh ina n-iomláine.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór gach iarratas a sheoladh isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.

TÁBHACHTACH: Ní mór an fhoirm iarratais seo a chomhlánú ag úsáid Microsoft Word nó an bogearra foinse oscailte OpenOffice atá saor in aisce.  Ná húsáid aon bhogearra eile chun an fhoirm seo a chomhlánú, mar ní bheidh tú ábalta d’iarratas a sheoladh isteach agus beidh ort d’iarratas a dhéanamh arís ag baint úsáide as an mbogearra cuí.  Ná déan dearmad d’iarratas a shábháil mar .doc nó .docx

An féidir liom cabhair a fháil le miarratas?

Má tá ceist theicniúil agat faoi shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne a úsaid is féidir leat ríomhtheachtaireacht a sheoladh chuig onlineservices@artscouncil.ie

Téigh chuig an nasc seo a leanas chun féachaint ar ár dtreoir ar YouTube maidir le hiarratas a dhéanamh: http://www.youtube.com/watch?v=Pg55NgY4ujE

Má úsáideann tú Twitter is féidir leat sruth tacaíochta Twitter na Chomhairle Ealaíon maidir le seirbhísí ar líne a leanúint. Faigheann síntiúsóirí faisnéis maidir le spriocdhátaí maoinithe, cinntí agus cabhair le seirbhísí ar líne. Is minic a dhéanann úsáideoirí eile Twitter ár dteachtaireachtaí a chur ar aghaidh le Twitter arís. Féach: http://twitter.com/artscouncilhelp

Aimsigh uirlis mhaoinithe