Elizabeth Maconchy composition fellowship
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€48000
Foirm ealaíne:
Ceol
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
No
Teagmhálaí:
Aine Kelly
Post:
Music Team
Teileafón:
01 6180254
Ríomhphost:
aine.kelly@artscouncil.ie
Spriocdháta
3 Bealtaine 2012
Céard í Comhaltacht Chumadóireachta Elizabeth Maconchy?
Bunaíodh an dámhachtain chun cur le hardoiliúint agus forbairt cumadóra agus déantar í a thairiscint uair amháin gach trí bliana. Tá sí á tairiscint ag an gComhairle Ealaíon chun deis a thabhairt do chumadóir clár dochtúireachta a chríochnú sa chumadóireacht in ollscoil aitheanta mar cheiliúradh ar shaol agus ar shaothar an chumadóra Eireannaigh, Elizabeth Maconchy. Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar fáil ar feadh trí bliana chun cúnamh a thabhairt maidir le táillí teagaisc agus costais mhaireachtála a chlúdach. Rachaidh an t-iarratasóir buacach i mbun an chúrsa staidéir i bhfómhar na bliana 2012.
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Déantar Comhaltacht Chumadóireachta Elizabeth Maconchy a thairiscint chun deis a thabhairt do chumadóir forbairt shuntasach a dhéanamh ar a c(h)leachtas agus trí bliana á chaitheamh aige nó aici ag gabháil go lánaimseartha don staidéar ar leibhéal dochtúireachta in ionad barr feabhais aitheanta.
Ní mór diarratasóirí a léiriú gur bhfiú go mór an luach dá bhforbairt ealaíonta é an clár dochtúireachta san ollscoil atá roghnaithe acu. Ní mór dóibh freisin ardaidhm a léiriú faoi dul i ngleic leis na hacmhainní atá ar fáil ag an ollscoil atá roghnaithe.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Cumadóirí
Cad é luach na dámhachtana?
€16,000 in aghaidh na bliain ar feadh trí bliana. Tá táillí an chúrsa iniata leis sin.
Ábhar tacaíochta
Chomh maith le hábhar tacaíocht ina dtugtar fianaise i leith do shaothair chruthaithigh, caithfear na rudaí seo a leanas a chur le hiarratais ar son na dámhachtana seo:
- Faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gclár dochtúireachta atá beartaithe agus maidir leis an ollscoil, ina mínítear conas a bhfuil buntáiste faoi leith ann do chleachtadh cumadóireachta an iarratasóra.
- CV ina gcuimsítear gach saothar cumtha agus gach léiriú go dtí seo chomh maith le heolas i dtaobh cibé staidéar cumadóireachta atá déanta cheana, agus eolas i dtaobh aon taithí ghairmiúil sa cheol a bhaineann le hábhar;
- Scóir cheoil le haghaidh cúig shaothar a cumadh le trí bliana anuas agus, más féidir é, taifeadtaí de na saothair sin, agus iad go léir lipéadaithe go soiléir le hainm an iarratasóra.
Critéir Mheasúnaithe
- Ní mór áit a bheith faighte ag an iarratasóir ar chlár dochtúireachta sa chumadóireacht ag an ollscoil a bhfuil sé beartaithe aige nó aici freastal uirthi
- Ní mór d’iarratasóirí fianaise a sholáthar maidir lena gcumas cruthaitheach agus maidir leis an méid atá bainte amach acu chomh maith le fianaise ar inniúlacht acadúil;
- Cáilíocht an togra arna chur i láthair, lena n-áirítear fianaise go mbainfidh tú tairbhe as an dámhachtain ó thaobh na healaíne de;
- Comhthéacs na hiomaíochta agus acmhainní atá ar fáil.
An próiseas measúnaithe
Ullmhóidh comhairleoirí de chuid na Comhairle Ealaíne gearrliosta na n-iarrthóirí agus beidh ar na hiarrthóirí ar an ngearrliosta freastal ar agallamh i mBaile Átha Cliath go déanach i mí na Bealtaine 2012.
Chun iarratas a dhéanamh
Féadfaidh tú cóip de na nótaí treorach agus den fhoirm iarratais a íoslódáil thíos nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Ealaíon agus a iarradh go seolfaí cóipeanna chugat tríd an bpost.
Íoslódáil na Nótaí Treorach
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais
Le haghaidh tuilleadh eolais
Music Team
An Chomhairle Ealaíon
70 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil: +353 1 618 0254
Callsave: 1850 392 492
Ríomhphost: aine.kelly@artscouncil.ie