An Dámhachtain do Léiriúchán Ceoldráma - DUP
Spriocdháta:
Le fógairt
Suim a dámhadh:
€80000
Foirm ealaíne:
Ceoldráma
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Elaine Connolly
Teileafón:
01 618 02 00
Ríomhphost:
elaine.connolly@artscouncil.ie
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Is éard atá i gceist leis an dámhachtain ná tacaíocht a thabhairt chun léiriúcháin ceoldráma a dhéanamh agus a léiriú le linn 2013, ag teacht le beartas foilsithe na Comhairle Ealaíon le haghaidh ceoldráma (ar fáil le híoslódáil ó rannán na bhfoilseachán de shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon).
Íoslódáil na dtreoirlínte dámhachtana
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 6/8/2012.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.