Spriocdháta:
24/06/2013
Suim a dámhadh:
€10000
Foirm ealaíne:
Ealaíontóirí
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
No
Áisínteacht sheachtrach:
Create
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
http://www.create-ireland.ie
Teagmhálaí:
Katherine Atkinson
Post:
Project Support and Professional Development
Teileafón:
01 473 66 00
Ríomhphost:
support@create-ireland.ie
Arna feidhmiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Create a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Create.
Cur síos
Tugann Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal maoiniú chun tacaíocht a thabhairt dealaíontóirí agus pobail atá ag obair lena chéile le tionscadal agus/nó ócáid ealaíonta a bhaint amach.
Tá ealaíontóirí ó gach foirm ealaíne incháilithe le hiarratas a dhéanamh. Ba cheart go léireofar comhoibriú dílis idir an ealaíontóir agus an pobal ag na tionscadail atá roghnaithe. Is féidir go mbeadh pobail mar áiteanna agus/nó leas. Go dtí seo, bhíodh iarratais ann ó shaothar le daoine de gach aois, cumas agus eitneacht, agus i gcomhthéacsanna cosúil le pobail uirbeacha/tuaithe, timpeallacht chúram sláinte, príosúin, clubanna nó i dtimpeallacht na hoibre.
Tá dhá chéim sa scéim seo:
An chéim taighde agus forbartha atá i gCéim a hAon. Tá Céim a hAon oscailte dealaíontóirí gur mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh ar thionscadal i gcomhthéacs pobail. Is é an t-uasmhéid ama a cheadófar ná trí mhí. Is é an t-uasmhéid a thugtar i gCéim a hAon ná €1,000. Tá gá le litir tacaíochta ón bpobal ina mbeidh an tionscadal ar bun in iarratais do Chéim a hAon.
An chéim sheachadadh atá i gCéim a Dó. Tá sé ar oscailt do phobail/áiteanna leasmhara agus/nó a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha. Tá dhá leibhéal dámhachtain ar fáil i gCéim a Dó: uasluach na dámhachtana de €5,000 do thionscadal a mhairfidh ó 6 seachtaine go 5 mhí, agus uasluach na dámhachtana de €10,000 do thionscadal de 6 mhí go 9 mí. Caithfear go mbeadh na hiarratais comhshínithe ag an ealaíontóir agus ag an bpobal.
Spriocdhátaí
- 14 Marta 2013, 5 i.n.
- 24 Meitheamh 2013, 5 i.n.
Sonraí teagmhála
Create
Project Support and Professional Development
10/11 Sráid an Iarla Theas
Baile Átha Cliath 8
Éire
Teil: +353 1 473 6600
Facs: +353 1 473 6599
Ríomhphost: support@create-ireland.ie
Gréasán: www.create-ireland.ie