Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€30000
Foirm ealaíne:
Na físealaíona
Cineál lucht éisteachta:
Group (no profit),Eagraíocht
Comhoibriú
Yes
Áisínteacht sheachtrach:
Ealaíontóirí Radharcacha Éire
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
http://www.visualartists.ie
Teileafón:
+353 (0)1 672 9488
Ríomhphost:
info@visualartists.ie
Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2013
Tugann Ealaíontóirí Radharcacha Éire, thar ceann na Comhairle Ealaíon, cuireadh roimh iarratais ar dheontas suas le huasmhéid de €30,000 i dtreo chostais reatha spásanna oibre físealaíontóirí. I gcomhréir le doiciméad beartais na Comhairle Ealaíon Spásanna Oibre Físealaíontóirí in Éirinn - Cur Chuige Nua, tá sé mar aidhm ag an scéim seo cabhrú le spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht is fearr agus is féidir a sholáthar d’fhísealaíontóirí atá i mbun oibre agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú d’fhísealaíontóirí cónaitheacha.
Bronnfar deontas de suas le €30,000 faoin scéim i dtreo costais reatha cosúil le solas, teas, cíos, cláir forbartha ealaíontóirí, costais riaracháin agus/nó costais oiriúnacha eile (ní féidir iarratas a dhéanamh ar chostais chaipitil faoin scéim seo). Déanfar an maoiniú seo a thairiscint ar bhonn aonuaire don bhliain 2013. Tá ciste foriomlán de €192,500 ar fáil.
Conas iarratas a dhéanamh
Déanann Ealaíontóirí Radharcacha Éire an scéim a riar ar son na Comhairle Ealaíon. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le:
Ealaíontóirí Radharcacha Éire
Suíomh gréasáin: http://visualartists.ie/
Ríomhphost: acworkspaces2012@visualartists.ie
Teileafón: +353 (0)1 672 9488
Ba cheart iarratais a sheoladh i gcruachóip agus i bhfoirm leictreonach (i bhfoirm Word) chuig:
Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2013
Ealaíontóirí Radharcacha Éire
Central Hotel Chambers
7/9 Cúirt an Dáma
Baile Átha Cliath 2
info@visualartists.ie
Spriocdháta
Is é an spriocdháta do Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2013 ná 5.30 i.n. Déardaoin an 13 Meán Fómhair 2012
Tabhair faoi deara go measfar nach bhfuil iarratais dhéanacha nó neamhiomlána incháilithe.