Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
Unlimited
Foirm ealaíne:
Ceol, Ceoldráma
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Áisínteacht sheachtrach:
Music Network
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
www.musicnetwork.ie
Post:
Performance Programmes Manager
Teileafón:
01 67 19 429
Ríomhphost:
concertadmin@musicnetwork.ie
Arna feidhmiú agMusic Network
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Music Newtork a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Music Network.
Cur síos
Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann.
I measc na dtionscadal atá incháilithe tá camchuairteanna, sraith ceolchoirmeacha agus ceolchoirmeacha aonair a tharlódh áit ar bith i bPoblacht na hÉireann. Tá an dámhachtain oscailte do thionscadail ildisciplíneacha a bhfuil an ceol beo mar chuid lárnach díobh, agus do thionscadail chomhoibrithe a mbeidh baint le healaíontóirí eile Éireannacha nó ealaíontóirí eile idirnáisiúnta atá ar cuairt anseo leo.
Tá treoirlínte agus bileoga faisnéise forbartha ag an Music Network chun cabhrú le ceoltóirí a dtogra a phleanáil roimh iarratas a chur isteach. Spreagtar ceoltóirí chun dul i gcomhairle le tionscnóirí ionchasacha agus comhphleanáil a dhéanamh leo i ngach réimse a bhaineann lena gcuid tionscadal. Spriocdhátaí Tá dhá spriocdháta gach bliain. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht chun tuilleadh sonraí a fháil.
Sonraí teagmhála
Clár-Bhainisteoir Taibhithe
Music Network
Teach an Chóiste
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
Ríomhphost: concertadmin@musicnetwork.ie
Gréasán: www.musicnetwork.ie