Spriocdháta:
Leanúnach
Suim a dámhadh:
€8000
Foirm ealaíne:
Ailtireacht, Na healaíona rannpháirteachais, Scannáin, Litríocht an Bhéarla, Litríocht na Gaeilge, Ceoldráma, Na healaíona traidisiúnta, Ionaid Tionóil, Na físealaíona
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir,Eagraíocht
Comhoibriú
No
Teileafón:
01 61 80 200
Tabhair faoi deara: Nuashonrú maidir le Taisteal agus Oiliúint
Is mian leis an gComhairle Ealaíon a chur in iúl nach mbeimid in ann tacú le hiarratais eile sna sráid-ealaíona agus seónna faoin Dámhachtain Taistil agus Oiliúna ó 1 Márta ar aghaidh.
Tá maoiniú fós ar fáil le tacú le hiarratais maidir leo seo a leanas: ailtireacht, rannpháirtíocht sna healaíona, sorcas, scannán, litríocht, ceol, ceoldráma, na healaíona traidisiúnta, ionaid, na físealaíona agus daoine óga, leanaí agus oideachas.
Déan na treoirlínte athbhreithnithe a fhoilseofar ar 1 Márta a sheiceáil. Idir an dá linn má tá tuilleadh faisnéise ag teastáil uait téigh i dteagmháil le cúntóir na foirme ealaíne nó an chleachtais ealaíon ábhartha. Tá sonraí teagmhála ar fáil sa liosta atá againn de theagmhálaithe agus chomhairleoirí ár bhfoirne: http://www.artscouncil.ie/en/contact_details.aspx
Spriocdháta
Níl aon spriocdhátaí foirmiúla ann don Dámhachtain Taistil agus Oiliúna. Glactar le hiarratais ar bhonn leanúnach. Ní mór diarratasóirí atá ag lorg tacaíochta le haghaidh cúrsaí foirmiúla (iarchéim nó cúrsa eile ar chomhchéim leis) agus le haghaidh deiseanna incháilithe eile a gcuid iarratais a chur isteach sé seachtaine ar a laghad roimh thús a gcúrsa nó a gcláir oibre. Cuirtear in iúl duit nach féidir leis an gComhairle Ealaíon ráthaíocht a thabhairt iarratais a fhaightear níos lú ná sé seachtaine roimh thús cúrsa nó cláir oibre a mheas.
Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
Tá trí shraith sa dámhachtain seo. Is é an phríomhshraith ná Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is dó seo atá an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil; is é an dara sraith ná Taisteal agus Oiliúint Isteach, is é an tríú sraith ná Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta mar a leagtar síos thíos.
Taisteal agus Oiliúint Amach
Is é príomhchuspóir na Dámhachtana Taistil agus Oiliúna Amach ná tacú le daoine aonair ar mian leo leas a bhaint as oiliúint agus deiseanna forbartha gairmiúla eile thar lear, ina leagtar béim ar chleachtas ealaíon an duine féin a fhorbairt.
Déanfaidh an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna Amach rannpháirtíocht i ndeiseanna oiliúna aonuaire, i gcúrsaí nó i máistir-ranganna speisialta a éascú. Ní thacóidh an dámhachtain le hoiliúint fhoirmiúil iarchéime ach amháin sa chás ina dtaispeántar go soiléir go bhfuil an cúrsa nó an deis a roghnaíodh de chineál agus/nó ar leibhéal nach bhfuil ar fáil in Éirinn (d’fhéadfadh éagsúlachtaí idir na foirmeacha ealaíne a bheith i gceist; ní mór diarratasóirí fianaise a thabhairt gurb amhlaidh an cás.
I measc na samplaí eile de dheiseanna forbartha gairmiúla incháilithe tá; tionscadail taighde ghearrthéarmacha; scéimeanna cónaitheacha; rannpháirtíocht i gceardlanna; intéirneachtaí (seachas sna físealaíona); cláir mheantóireachta; freastal ar chomhdhálacha/sheimineáir.
Taisteal agus Oiliúint Isteach
Is é an príomhchuspóir atá le Taisteal agus Oiliúint Isteach ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair nó deagraíochtaí ar mian leo cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó thar lear oiliúint nó meantóireacht ar leibhéal ard a chur ar fáil i gcomhair forbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus daoine eile atá ag obair go gairmiúil sna healaíona in Éirinn. Sa chás inar mian le duine aonair nó le heagraíocht saineolaithe dá leithéid a thabhairt isteach ó thar lear, is féidir leis an duine nó an eagraíocht iarratas a dhéanamh chun costas taistil agus lóistín an aoi (na n-aíonna) idirnáisiúnta a íoc. Íocfar na costais sin tar éis na cuairte, tar éis don duine nó don eagraíocht admhálacha a chur ar fáil. Ní mór diarratasóirí ainm an aoi a lua agus sonraí maidir leis an oiliúint nó an mheantóireacht atá le cur ar fáil a sholáthar.
Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta
Ní thacaíonn Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta ach amháin le hiarratais ó eagraíochtaí ealaíon a bhfuil sé ar intinn acu iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú an AE don chultúr faoi Chlár Cultúir an AE 2007-13, nó faoin gclár An Eoraip Chruthaitheach 2014-2020 atá ag teacht chun cinn. Tá sé i gceist go gclúdódh an dámhachtain cuid de na costais a bhaineann le cruinnithe pearsanta le heagraíochtaí comhpháirtíochta san Eoraip, agus ní thabharfar tacaíocht maidir le costais cúrsaí ná le costais oiliúna. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ábalta a léiriú go bhfuil iarratas ar Chlár Cultúir an AE á fhorbairt agus á réiteach acu i láthair na huaire, agus ní mór dóibh a bheith ábalta sonraí a thabhairt maidir leis an tionscadal atá beartaithe acu agus maidir lena gcomhpháirtithe príomhúla. Beidh ar iarratasóirí a léiriú cad é an leibhéal rannpháirtíochta atá acu leis na comhpháirtithe beartaithe faoi láthair. Is dócha nach rachaidh maoiniú a bheidh á thairiscint faoin bPointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta os cionn €2,000 agus i bhformhór na gcásanna is níos ísle a bheidh sé. Tabharfar tús áite d’iarratais ina léireofar go bhfuil an eagraíocht tiomanta don tionscadal. Tacaíonn Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta le hiarratais ó gach foirm ealaíne agus ó gach cleachtas ealaíon. Mar sin féin, ós rud é nach dtacaítear le tionscadail chlosamhairc faoi chlár cultúir an AE, níl scannáin incháilithe chun tacaíocht a fháil faoi Dhámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta
Íoslódáil na dtreoirlínte dámhachtana
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter