Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€25000
Foirm ealaíne:
Litríocht an Bhéarla, Litríocht na Gaeilge
Cineál lucht éisteachta:
Eagraíocht
Comhoibriú
No
Teagmhálaí:
Aisling McKone
Post:
Literature Assistant
Teileafón:
01 618 0253
Ríomhphost:
aisling.mckone@artscouncil.ie
Cuspóir na dámhachtana
Tacú le teidil agus foilseacháin liteartha ardchaighdeáin a tháirgeadh, lena gcur chun cinn go héifeachtach agus lena scaipeadh ar lucht féachana forleathan.
Cuirfear tacaíocht ar fáil faoin dámhachtain do shaothair sna réimsí seo a leanas:
- Ficsean
- Neamhfhicsean Cruthaitheach
- Litríocht do Leanaí
- Filíocht
- Drámaíocht
- Úrscéalta grafacha agus leabhair phictiúr mhaisithe
Íoslódáil treoirlínte na dámhachtana
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeilfidh sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Foilseacháin/An Scéim Title by Title (0 MB, Adobe PDF)
Foilseacháin/An Scéim Title by Title (0.16 MB, MS Word)
Teimpléad buiséad
Ní mór duit buiséad mionsonraithe iomlán a chur isteach le haghaidh na dámhachtana seo. Tá an teimpléad le fáil anseo:
Tabhair faoi deara le do thoil: Níl an scéim i gceist mar bhreisiú ar mhaoiniú reatha faoi chláir maoinithe athfhilltigh na Comhairle Ealaíon (Maoiniú Bliantúil, Deontais le haghaidh Clár Bliantúil, Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta). Ní bheidh eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoin Scéim Title By Title incháilithe chun maoiniú a fháil faoi chláir maoinithe athfhilltigh na Comhairle Ealaíon don bhliain 2013/2014.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 2 Lúnasa.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.