Spriocdháta:
06/06/2013
Suim a dámhadh:
€20000
Foirm ealaíne:
Na healaíona traidisiúnta
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Eimear Harte
Post:
Traditional Arts Officer
Teileafón:
01 6180208
Ríomhphost:
traditionalarts@artscouncil.ie
Is scéim í Deis a bunaíodh faoi Thionscnamh na Comhairle Ealaíon um na hEalaíona Traidisiúnta, 2005-2008. Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh raon tionscadal.
Spriocdháta agus sceideal gníomhaíochta
-
5.30 i.n. Déardaoin 21 Feabhra 2013
Féach ar na nótaí ginerálta maidir le Cáilitheacht agus Coinníollachta atá le fáil i ndoiciméid treorach DEIS.
Cuspóir agus tosaíochtaí na scéime
Is é cuspóir na dámhachtana Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear aon mhaoiniú eile ar fáil faoin scéim seo.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:
- Aird ar chaighdeán ealaíonta
- Nuálaíocht
- Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta
Cuirtear fáilte roimh iarratais ar thionscadail a bhaineann le gníomhaíochtaí a thugann faoi éagsúlacht chultúrth.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá dámhachtain Deis oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do bhannaí agus deagraíochtaí.
Ní mór do thograí a fhaightear ó eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon faoi RFO, deontais do Chlársceidealú Bliantúil nó deontais do Mhaoiniú Bliantúil fianaise a sholáthar gur tionscadal eisceachtúil atá ann agus go bhfuil sé taobh amuigh de shaindualgas a ngníomhartha maoinithe.
Ní mór do ghníomhartha a mhaoinítear trí Deis, atá á reáchtáil ag coláistí/ollscoileanna, a bheith ar fáil don phobal.
Tá tionscadail taifeadta éascaithe ag an mbabhta Taifeadta Deis, féach suíomh gréasáin.
Céard air ar féidir liom iarratas a chur isteach air, agus cá mhéad?
Is í an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €20,000. Is dámhachtain an-iomaíoch í seo, áfach, agus ní dhéanfar ach líon teoranta dámhachtainí a thairiscint ar an leibhéal seo.
Má bhaineann costais bhreise go sainiúil le cruthú saothar ealaíne ag ealaíontóirí faoi mhíchumas, ba cheart duit faisnéis a sholáthar le diarratas ag mionsonrú na gcostas sin.
Dámhachtain
Íoslódáil treoirlínte faoi dhámhachtainí:Deis Treoirlinte (Babhta 1) 2013
Conas iarratas a dhéanamh
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 10 Eanáir 2013.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.
Chun an fhoirm agus an teimpléad ioncaim agus caiteachais a íoslódáil cliceáil ar an naisc seo a leanas.