Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€10000
Foirm ealaíne:
Na healaíona traidisiúnta
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Karen Whelan / Audrey Keane
Post:
Traditional Arts Team
Teileafón:
01 6197805 / 6180256
Ríomhphost:
traditionalarts@artscouncil.ie
Spriocdháta
Is é an 11 Aibreán ag 5.30 i.n. an spriocdháta don Dámhachtain Taifeadta Deis sa bhliain 2013.
Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne, atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta. Tabharfar tús áite do thionscadail a léiríonn:
- aird ar chaighdeán ealaíonta nuálaíocht tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta
(Sa bhliain 2012, mhaoinigh an Chomhairle Ealaíon 28 togra faoi scáth na dámhachtana seo. Ar an meán, is €3,200 a dámhadh)
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá an dámhachtain Deis oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do bhannaí agus deagraíochtaí.
Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil cosúil le scéalaíocht agus agallamh beirte).
Ní mór do thograí a fhaightear ó eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon faoi Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, faoi dheontais le haghaidh Clár Bliantúil, nó faoi dheontais le haghaidh Maoiniú Bliantúil fianaise a sholáthar gur tionscadal eisceachtúil atá i gceist agus go bhfuil sé taobh amuigh de théarmaí tagartha a ngníomhaíochtaí maoinithe.
Ní mór do ghníomhaíochtaí a mhaoinítear trí Deis, atá á reáchtáil ag coláistí/ollscoileanna, a bheith ar fáil don phobal.
Céard ar féidir leat cur isteach air ?
Tá Dámhachtain Taifeadta Deis oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí agus déanfar machnamh ar thionscadail taifeadta (lena n-áirítear táirgeadh dlúthdhioscaí) mar seo a leanas:
. Taifeadtaí a bhfuil suntas ag baint leo ó thaobh cartlainne de nó a bhaineann le ceol cheantar ar leith nó le stíl ar leith;
- a chabhraíonn chun ceol/amhráin sheinnteora nó chumadóra chumasaigh nó ceol/amhráin
- ó cheantar ar leith a chur ar fáil don phobal i gcoitinne;
- a bhfuil téama nuálaíoch ar leith nó leagan amach ealaíonta nua acu;
- atá mar chuid d’fhorbairt gairme duine aonair.
Is í an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €10,000.
Conas ar cheart dom iarratas a dhéanamh?
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Ní mór foirmeacha iarratais a chur isteach ar líne. Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne a chuireann ar do chumas iarratais a chur isteach go hiomlán ar líne. Beidh tú in ann réimse leathan ábhar tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach mar aon le d’fhoirm iarratais.
Beidh ort clárú leis an suíomh ar dtús sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne. D’fhéadfadh suas le cúig lá oibre a bheith i gceist sula ndéanfar do chlárúchán a dhearbhú agus ar an ábhar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá a luaithe agus is féidir.
Dámhachtain
Íoslódáil treoirlínte faoi dhámhachtainí: