RAISE

Spriocdháta: Spriocdháta thart

Suim a dámhadh: €100000

Foirm ealaíne: Gach ceann díobh

Cineál lucht éisteachta: Eagraíocht

Comhoibriú No

Teagmhálaí: Relevant Head of Art Form/Practice

Teileafón: 01 618 0200

Ríomhphost: fundraising@artscouncil.ie


Cuspóir na dámhachtana

Tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh léirithe spéise i dtionscadal píolótach ardleibhéil atá deartha chun cabhrú lena heagraíochtaí maoinithe níos mó airgid a thiomsú ó fhoinsí daonchairdiúla. Trí RAISE, soláthrófar tacaíocht ghairmiúil ar bhonn duine le duine d’ocht n-eagraíocht ealaíon ar feadh dhá bhliain, chun clár saindeartha tiomsaithe airgid a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Beidh luach thart ar €100,000 ag an tacaíocht a thabharfaidh an Chomhairle Ealaíon do gach eagraíocht.

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacú le heagraíochtaí ealaíon chun infheistíocht phríobháideach sna healaíona a uasmhéadú. Chun críocha an tionscadail phíolótaigh seo, áirítear tabhartais ó dhaoine aonair, iontaobhais agus fondúireachtaí chomh maith le daonchairdeas corparáideach. Agus an clár nua seo á fhorbairt aici, d’aithin an Chomhairle Ealaíon go bhfuil sé ríthábhachtach go bhforbródh eagraíochtaí straitéis éifeachtach chun airgead a thiomsú, a fhaomhadh agus a chur i bhfeidhm agus acmhainní cuí a sholáthar don fheidhm tiomsaithe airgid sin.

Soláthrófar tacaíocht ghairmiúil ar bhonn duine le duine trí RAISE d’eagraíochtaí ealaíon roghnaithe d’fhonn cabhair agus acmhainní a sholáthar dóibh chun infheistíocht dhaonchairdiúil a mhealladh chucu. Roghnófar ocht n-eagraíocht astu siúd a léiríonn spéis sa scéim in Iúil 2012. Cuirfear tús leis an gclár i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Comhpháirtithe Seachadta

Oibreoidh an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le 2into3 agus i gcomhpháirtíocht le Networking Matters chun comhairle a thabhairt maidir leis an roghnú agus oibreoidh sí i ndlúthpháirtíocht leis na heagraíochtaí ealaíon a ainmneofar le cur lena gcumas infheistiú daonchairdiúil a spreagadh. Gnólacht um sheirbhísí gairmiúla is ea 2into3 atá tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais na hearnála neamhbhrabúis agus ar na dúshláin atá le sárú inti. Clár is ea Networking Matters a dearadh le cabhrú le daoine aonair agus le heagraíochtaí caidrimh ghnó inbhuanaithe a thógáil agus a choimeád ar bun.

Cén tacaíocht a a gheobhaidh na heagraíochtaí a roghnófar?

Gheobhaidh na heagraíochtaí a roghnófar le páirt a ghlacadh sa chlár an méid seo a leanas:

  • Tacaíocht ghairmiúil duine le duine trí phróiseas atá sainithe dfhorbairt straitéise tiomsaithe a chuirfidh an fhoireann speisialtóirí Dennis OConnor, Johnny OReilly agus Neil Pope ó 2into3 agus Kingsley Aikins ó Networking Matters ar fáil.
  • Tacaíocht maidir le hearcú tiomsaitheora airgid.
  • 50% de na costais a bhaineann le fostú tiomsaitheora airgid atá cáilithe mar is cuí ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Beidh luach thart ar €100,000 ag an tacaíocht a thabharfar do gach eagraíocht.

Cad iad na heagraíochtaí atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá eagraíochtaí ealaíon atá á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon i dteideal iarratas a dhéanamh. Is iondúil gur eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú athfhillteach a roghnófar.

Ba cheart a thabhairt le fios sa léiriú spéise conas a chreideann tú go sásaíonn d’eagraíocht na critéir seo a leanas faoi láthair nó go bhfuil sé d’acmhainn aici iad a shásamh:

  • Uaillmhian agus an acmhainn níos mó ná €250,000 breise in aghaidh na bliana a thiomsú ó infheisteoirí príobháideacha. Spreagtar eagraíochtaí chun oibriú ar an leibhéal seo nó é a bheith mar aidhm acu é sin a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go mbeidh toradh imleor ar an infheistíocht.
  • Dea-cháil, próifíl agus cumas a léiriú go bhfuiltear ag oibriú ar son leas an phobail.
  • Neart na foirne bainistíochta ó thaobh ceannaireachta, bainistíochta ealaíonta, bainistíochta gnó, smaointeoireachta straitéisí agus líonraithe de.
  • Caighdeáin rialachais agus cumas an bhoird tacú leis an obair thiomsaithe airgid.
  • Fianaise faoi thiomantas, mar aon le tagairt do dhiongbháilteacht an chreidimh atá agaibh agus do bhur ndílseacht maidir le beart a chur i gcrích thar thréimhse ama, faoi mar atá léirithe le sampla ábhartha.

Déanfar eagraíochtaí a chuireann léiriú spéise isteach a mheas i bhfianaise na gcritéar sin agus i gcomhthéacs iomaíoch.

Conas is ceart iarratas a dhéanamh?

Seol léiriú spéise trí ríomhphost chuig fundraising@artscouncil.ie ó 6 Iúil ar aghaidh agus tráth nach déanaí ná 05:00 i.n. ar an 27 Iúil 2012.

Ba cheart ‘Léiriú Spéise’ a bheith le feiceáil go soiléir ar na haighneachtaí agus ní ceart iad a bheith níos faide ná 5 leathanach.

Iarrtar go síneodh Cathaoirleach agus agus Príomhfheidhmeannach na heagraíochta an t-iarratas agus go seolfar mar ríomhphost é chuig an seoladh thuas.

Beidh fáilte roimh iarratasóirí ábhair thacaíochta a chur lena n-iarratais mar shoiléiriú ar na pointí atá acu ina léirithe spéise. De ghnáth beifear ag súil le faisnéis sna doiciméid bhreise sin nach bhfuil i seilbh na Comhairle Ealaíon cheana féin.

Ní ceart go mbeidh níos mó ná 5MB san iomlán sa chomhad go léir a chuirfear isteach, lena n-áirítear an doiciméad léirithe spéise agus é sínithe ag an gCathaoirleach agus ag an bPríomhfheidhmeannach, agus aon doiciméadúchán breise a mheasann an eagraíocht a bheith oiriúnach.

Glacfar leis na formáidí comhaid seo a leanas:

  • téacschomhaid - .rtf/.doc/.docx/.txt
  • Comhaid Adobe Reader - .pdf
  • scarbhileoga .xls/.xlsx

An Measúnú

Cuirfear eagraíochtaí sin ar an ngearrliosta a chomhlíonann na critéir thuas go leordhóthanach agus / nó a léiríonn go bhfuil acmhainn iontu agus tabharfar cuireadh dóibh a gcás a dhéanamh ag ócáid measúnaithe an 5 nó 6 Meán Fómhair, 2012. Ba chóir d’eagraíochtaí ar spéis leo an scéal deimhin a dhéanamh de go mbeidh ionadaithe cuí ón mbord agus ón lucht bainistíochta ar fáil ar na dátaí sin.

Tuilleadh faisnéise

Téigh i dteagmháil le Ceann ábhartha na Foirme Ealaíne nó an Chleachtais Ealaíne ag an gComhairle Ealaíon chun breis faisnéise a fhail.

Ba cheart ceisteanna a sheoladh i ríomhphost chuig: fundraising@artscouncil.ie

Aimsigh uirlis mhaoinithe