Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€22500
Foirm ealaíne:
Gach ceann díobh
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
No
Áisínteacht sheachtrach:
Location one
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
http://www.location1.org
Post:
International arts officer
Teileafón:
01 618 02 00
Ríomhphost:
locationonefellowship@artscouncil.ie
Is i gceantar Soho i Nua-Eabhrac atá Location One agus tugann sé tacaíocht do thurgnamhacht agus tá an eagraíocht dírithe ar an gcomhchruinniú idir na hamharcealaíona, na taibhealaíona agus na healaíona digiteacha.
Feidhmíonn Location One clár cónaitheachta idirnáisiúnta lenar féidir le healaíontóirí cruthaithe agus leo siúd atá ag teacht chun cinn triail a bhaint as foirmeacha nua léirithe ealaíne, go háirithe iad siúd a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí nua.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon comhaltacht bhliantúil ar fáil dealaíontóir amháin chun cur ar a c(h)umas páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta ag Location One go ceann 5 mhí (Feabhra go Meitheamh 2013), chun a c(h)leachtas a fhorbairt agus chun saothar nua a chruthú. I dteannta leis an tacaíocht agus leis na hacmhainní a chuireann Location One ar fáil, cuimsítear eitiltí chuig Nua-Eabhrac agus ar ais, lóistín agus cnuas faoi Chomhaltacht Location One na Comhairle Ealaíon freisin.
Íoslódáil na dtreoirlínte dámhachtana
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 30/08/2012.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.