Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€30000
Foirm ealaíne:
Ailtireacht
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir,Eagraíocht
Comhoibriú
No
Teileafón:
01 618 02 00
Ríomhphost:
awards@artscouncil.ie
Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta
Tacaíonn an Dámhachtain do Thionscadal Ailtireachta le tionscnaimh i réimse na hailtireachta.
Is é cuspóir na dámhachtana ná tacú leo seo a leanas:
- obair nua dhúshlánach, nuálaíoch a dhéanamh;
- obair a dhéanamh a fhorbraíonn cleachtas ealaíne ailtirí;
- obair a dhéanamh a fhorbraíonn gnéithe teoiriciúla nó praiticiúla den ailtireacht;
- tionscnaimh uaillmhianacha ar ardchaighdeán a chuireann ábhar i láthair do lucht éisteachta nó féachana.
Íoslódáil treoirlínte faoi dhámhachtainí
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Ní mór foirmeacha iarratais a chur isteach ar líne. Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne a chuireann ar do chumas iarratais a chur isteach go hiomlán ar líne. Beidh tú in ann réimse leathan ábhar tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach mar aon le d’fhoirm iarratais.
Beidh ort clárú leis an suíomh ar dtús sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne. D’fhéadfadh suas le cúig lá oibre a bheith i gceist sula ndéanfar do chlárúchán a dhearbhú agus ar an ábhar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá a luaithe agus is féidir.
Le clárú agus le hiarratas a dhéanamh, téigh chuig suíomh gréasáin na seirbhísí ar líne.