Dámhachtain sparánachta damhsa
Spriocdháta:
11/07/2013
Suim a dámhadh:
€10000
Foirm ealaíne:
Rince
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
No
Teileafón:
01 6180 200
Ríomhphost:
awards@artscouncil.ie
Cuspóir na dámachtana
Is é cuspóir na dámhachtana tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tugtar am agus acmhainní leis an dámhachtain d’ealaíontóirí smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas ealaíne.
Íoslódáil treoirlínte na dámhachtana
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
- Beidh na treoirlínte ar fáil go luath
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 40 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 6 Meitheamh 2013
Caithfidh tú clárú leis an suíomh sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Le faisnéis a fháil maidir le conas iarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas le do thoil
- Ceisteanna Coitianta maidir le seirbhísí ar líne: liosta de na ceisteanna a chuirtear go coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne,
- Youtube: Treoir céim ar chéim i bhfoirm físeáin faoi conas foirm iarratais i gcomhair maoinithe a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de na teachtaireachtaí tweet a bhaineann le maoiniú