Scéim na bhfísealaíontóirí sna príosúin
Spriocdháta:
Leanúnach
Suim a dámhadh:
€2400
Foirm ealaíne:
Na healaíona rannpháirteachais, Na físealaíona
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
Yes
Áisínteacht sheachtrach:
An Roinn Dlí, Cirt, Comhionannais agus Athchó
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
Teagmhálaí:
Veronica Hoen
Post:
Coordinator, Visual Artists in Prisons Scheme
Teileafón:
+ 353 87 954 8178
Ríomhphost:
vmhoen@ipsedu.ie
Arna feidhmiú ag Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin (An Roinn Dlí, Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí)
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin.
Cur síos
Soláthraíonn an scéim seo tacaíocht airgeadais damharcealaíontóirí áirithe chun ceardlanna a thabhairt thar thréimhse 8-10 lá in aonad oideachais ar bith i bpríosúin de chuid na Poblachta. Is é €2,400 an tsuim is mó a dámhtar in aghaidh na ceardlainne. Tá painéal dealaíontóirí leasmhara agus iad cáilithe mar is cuí á chruthú i láthair na huaire. Ba cheart do pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis an gcomhordaitheoir. Má tá duine ainmnithe ar an bpainéal, ní hionann sin is a rá go mbronnfar dámhachtain air/uirthi.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin téigh chuig www.pesireland.org.
Spriocdháta
Dada. Glactar le hiarratais am ar bith sa bhliain acadúil.
Sonraí teagmhála
Veronica Hoen,
Comhordaitheoir, Scéim na bhFísealaíontóirí sna Príosúin
Teil: +353 21 482 1619
Fón póca: +353 87 968 7929
Ríomhphost: veronica_hoen@eircom.net