Scéim shónaitheachta do choimeádaí físealaíon
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€20000
Foirm ealaíne:
Na healaíona áitiúla, Ionaid Tionóil, Na físealaíona
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Mary Ellen Greene
Teileafón:
01 6197802
Ríomhphost:
maryellen.greene@artscouncil.ie
Is é cuspóir na scéime seo deis a thabhairt do choimeádaithe físealaíon taighde a dhéanamh agus a gcleachtas a fhorbairt, fad is a dhéanfaidh siad clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid ildisciplíneacha agus le húdaráis áitiúla. Déanfaidh an coimeádaí ábhar sonrach an chláir oibre a dhearadh i gcomhar leis an ionad agus leis an údarás áitiúil.
Is iad seo a leanas aidhmeanna na scéime:
- deiseanna a chur ar fáil do choimeádaithe ar fud na tíre taighde agus forbairt a dhéanamh ar chlár oibre a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtas féin a chur chun cinn;
- deiseanna a chur ar fáil d’ionaid ildisciplíneacha agus d’údaráis áitiúla chun cleachtas coimeádaíochta a fhorbairt ina limistéar geografach;
- cur chuige meabhraithe, agus bealaí nuálacha, a spreagadh chun lucht féachana áitiúla a mhealladh chuig físealaíon comhaimseartha ardchaighdeáin ar leibhéal áitiúil/réigiúnach
forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí físealaíon ardchaighdeáin a spreagadh laistigh d’ionaid ildisciplíneacha;
- cur chuige comhordaithe a spreagadh idir na príomhsholáthraithe ealaíon ar an leibhéal áitiúil/
Spriocdháta
Is é an Déardaoin, 13 Meán Fómhair ag 5.30 i.n. an spriocdháta don Scéim shónaitheachta do choimeádaí físealaíon sa bhliain 2012. TABHAIR FAOI DEARA: ní mór gach iarratas a sheoladh isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh Gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne le déanaí, rud a chuirfidh ar do chumas iarratais a sheoladh isteach go hiomlán ar líne.
Ní mór do gach iarratasóir suíomh gréasáin na seirbhísí ar líne a úsáid. Ní ghlacfar le hiarratais agus le doiciméadúchán tacaíochta i bhfoirm cruachóipe.
Tosóidh an tréimhse ama chun iarratas a dhéanamh ar líne ar an 12 Lúnasa 2012.
Beidh ort clárú leis an suíomh ar dtús sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne. D’fhéadfadh suas le cúig lá a bheith i gceist sula ndéanfar do chlárúchán a dhearbhú agus ar an ábhar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá a luaithe agus is féidir.
Le faisnéis a fháil maidir le conas iarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas le do thoil
- Ceisteanna Coitianta maidir le seirbhísí ar líne: liosta de na ceisteanna a chuirtear go coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
- Youtube: Treoir céim ar chéim i bhfoirm físeáin faoi conas foirm iarratais i gcomhair maoinithe a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil.
- Twitter (@ArtsCouncilHelp): liosta de na teachtaireachtaí tweet a bhaineann le maoiniú.
Íoslódáil treoirlínte faoi dhámhachtainí