Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€20000
Foirm ealaíne:
Na healaíona áitiúla
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Regina OShea
Post:
Local Arts Officer
Teileafón:
01 618 02 60
Ríomhphost:
regina.oshea@artscouncil.ie
Tá tograí á lorg ag an gComhairle Ealaíon anois ó sheirbhísí ealaíon na n-údarás áitiúil, le haghaidh tionscadal a bheidh ag tosú in 2012 sa réimse lena mbaineann Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona. Ba cheart iarracht a dhéanamh sa tionscadal idirchultúrtha atá beartaithe, tionscadail, acmhainní nó seirbhísí a fhorbairt atá uaillmhianach, nuálach agus forásach, agus an méid sin a dhéanamh trí chomhoibriú nua.
Is é an spriocdháta chun iarratais chuig an scéim seo a fháil ná Déardaoin an 28 Meitheamh 2012 ag 5.30pm. Beifear in ann iarratais a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne ón: 24 Bealtaine 2012.
Is é cuspóir na scéime seo ná comhpháirtíochtaí agus comhoibriú nua a spreagadh idir údaráis áitiúla, eagraíochtaí ealaíne agus grúpaí nó eagraíochtaí ábhartha eile, ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta, agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Ba chóir go mbeadh baint ag dhá údarás áitiúil ar a laghad le hiarratas ar bith.
Tugadh an tSraith lena mbaineann Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona isteach sa scéim seo in 2010, agus níl ach an tsraith sin den scéim á fógairt i gcomhair 2012. Is cuid thábhachtach é seo de Straitéis Éagsúlacht Chultúrtha na Comhairle Ealaíon le haghaidh 2012/3. Is é an cuspóir atá leis ná forbairt ar chumas idirchultúrtha a chur chun cinn sna healaíona i measc na n-údarás áitiúil. Creideann an Chomhairle Ealaíon go saibhríonn idirghníomhaíocht chultúrtha na healaíona in Éirinn trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine rudaí a roinnt le chéile, a bheith ag ceistiú agus ag foghlaim óna chéile, agus chun tuiscint níos fearr a fháil agus athrú mar dhaoine. Tá tuilleadh faisnéise maidir le beartas agus straitéis nua na Comhairle Ealaíon i réimse na héagsúlachta cultúrtha le fáil anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/areas-of-work/actions/arts-and-cultural-diversity.aspx
Is féidir iarratas a dhéanamh chuig an Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla in 2012 ar mhaoiniú le haghaidh seirbhísí, acmhainní nó tionscadail ealaíon comhpháirteach nuálach, le haghaidh ceachtar de dá chéim thionscadail:
- Céim Taighde agus Forbartha, suas le huasmhéid €10,000
- Céim Forfheidhmithe Tionscadail, suas le huasmhéid €20,000
Ó tugadh isteach an scéim seo in 2004, tá tacaíocht curtha ar fáil do roinnt mórthionscnamh comhoibritheach, agus tá príomhshruthú déanta ar roinnt dóibh chun iad a sholáthar ar bhonn leanúnach.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla, déan teagmháil le do thoil le Regina O’Shea, Oifigeach Ealaíon Áitiúil ag 01 6180260 nó ag regina.oshea@artscouncil.ie
Treoirlínte
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun cóip de na treoirlínte a íoslódáil:
Seirbhísí Ar Líne
Ní mór gach iarratas a chur isteach go hiomlán ar líne. Ní mór do gach iarrthóir leas a bhaint as suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne - https://onlineservices.artscouncil.ie/Secure/Login.aspx?oldLang=en-ie&lang=gd-ge.
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Déan iarratas’
- Cinntigh go bhfuil do chuid sonraí cruinn agus cliceáil ar an gcéad chnaipe eile
- Roghnaigh an Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla ón roghchlár anuas maidir le Maoiniú
Ní ghlacfar le hiarratais agus le doiciméadúchán tacaíochta i bhfoirm cruachóipe. Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta maidir leis na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter