Tacaíocht le comhroinnt acmhainní téatair
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€20000
Foirm ealaíne:
Téatar
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
No
Teagmhálaí:
Maeve Giles
Teileafón:
01 618 02 20
Ríomhphost:
maeve.giles@artscouncil.ie
Is é cuspóir na dámhachtana seo ná deis a chur ar fáil d’eagraíochtaí acmhainní riaracháin agus léirithe a chomhroinnt le roinnt ealaíontóirí téatair aonair agus/nó compántais neamh-mhaoinithe thar thréimhse shonraithe ama.
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Ní mór iarratais a chur isteach ar shuíomh Gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh Gréasáin nua i gcomhair seirbhísí ar líne le déanaí, rud a chuirfidh ar do chumas iarratais a sheoladh isteach go hiomlán ar líne.
Ní mór do gach iarratasóir suíomh gréasáin na seirbhísí ar líne a úsáid. Ní ghlacfar le hiarratais agus le doiciméadúchán tacaíochta i bhfoirm cruachóipe.
Beidh ort clárú leis an suíomh ar dtús sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne. D’fhéadfadh suas le cúig lá a bheith i gceist sula ndéanfar do chlárúchán a dhearbhú agus ar an ábhar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá a luaithe agus is féidir.
Le faisnéis a fháil maidir le conas iarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas le do thoil
- Ceisteanna Coitianta maidir le seirbhísí ar líne: liosta de na ceisteanna a chuirtear go coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne,
- Youtube: Treoir céim ar chéim i bhfoirm físeáin faoi conas foirm iarratais i gcomhair maoinithe a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter (ArtsCouncilHelp): liosta de na teachtaireachtaí tweet a bhaineann le maoiniú
Íoslódáil treoirlínte faoi dhámhachtainí
Chun cur síos shonraíocht an phoist a fháil, téigh le do thoil chuig: