Street arts and spectacle bursary award
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€15000
Foirm ealaíne:
Seónna, Sráidealaine
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
No
Teileafón:
01 6180200
Ríomhphost:
awards@artscouncil.ie
Cuspóir na dámhachtana
Is éard is cuspóir na dámhachtana ná tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tugtar am agus acmhainní leis an dámhachtain d’ealaíontóirí smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas ealaíne.
Íoslódáil na dtreoirlínte dámhachtana:
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne nua seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 20 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Beidh an fhuinneog maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne ar oscailt an 14 Meitheamh 2011.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh nua sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. Tharlódh go mbeidh suas le cúig lá oibre i gceist sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.