SAS Gníomhaíochta Cláirníomhaíochta Cláir
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
Unlimited
Foirm ealaíne:
Seónna, Sráidealaine
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
No
Teagmhálaí:
Úna McCarthy
Post:
Head of Street Arts and Spectacle
Teileafón:
01 6180200
Ríomhphost:
una.mccarthy@artscouncil.ie
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon iarratais a lorg ar chiste nua chun tacú le cleachtóirí gairmiúla Sráidealaíne agus Seónna.
Is é aidhm an Chiste Gníomhaíochta Cláir (CGC) ná cuidiú leis an earnáil Sráidealaíne agus Seónna le costais ghné amháin nó níos mó de chlár ealaíonta atá beartaithe le haghaidh 2013. D’fhéadfadh gnéithe an chláir gníomhaíochta seo bealaí nua a aithint chun saothar a chruthú nó saothar uaillmhianach a chur i láthair an phobail. Níl sé i gceist go dtacódh an Ciste Gníomhaíochta Cláir le príomhchostais nó le costais riaracháin na heagraíochta.
Spriocdháta
Is é an spriocdháta don scéim ná 5:30 i.n. Déardaoin, an 6 Nollaig 2012.
TABHAIR FAOI DEARA: Ní mór iarratais a sheoladh isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar líne Dé Mhairt, an 6 Samhain 2012.
Treoirlínte
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun cóip de na treoirlínte don scéim a íoslódáil:
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór iarratais ar an scéim a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór duit clárú le suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne chun iarratas a chur isteach.
- Cláraigh le seirbhísí ar líne (úsáideoir nua)
- Logáil isteach ar sheirbhísí ar líne (úsáideoir cláraithe)
TÁBHACHTACH: Ní féidir iarratas a dhéanamh ach amháin ar an bhfoirm iarratais ar féidir í a íoslódáil ó shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Ní mór an fhoirm iarratais sin a chomhlánú ag úsáid Microsoft Word nó an bogearra foinse oscailte OpenOffice atá saor in aisce. Ná húsáid aon bhogearra eile chun an fhoirm seo a chomhlánú, mar ní bheidh tú ábalta d’iarratas a chur isteach agus beidh ort d’iarratas a dhéanamh arís ag baint úsáide as an mbogearra ceart. Ná déan dearmad d’iarratas a shábháil mar .doc.
Cabhair uait chun iarratas a dhéanamh ar líne?
Tabhair cuairt ar na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.