Spriocdháta:
Leanúnach
Suim a dámhadh:
€1000
Foirm ealaíne:
Na healaíona rannpháirteachais, Litríocht an Bhéarla, Litríocht na Gaeilge
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
No
Áisínteacht sheachtrach:
An Roinn Dlí, Cirt, Comhionannais agus Athchó
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
Teagmhálaí:
Veronica Hoen
Post:
Coordinator, Writers in Prison Scheme
Teileafón:
+353 87 9556439
Ríomhphost:
vmhoen@ipsedu.ie
Arna feidhmiú ag Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin (An Roinn Dlí, Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí)
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Oideachas sa tSeirbhís Phríosúín.
Cur síos
Soláthraíonn an scéim seo tacaíocht airgeadais do scríbhneoirí foilsithe áirithe chun ceardlanna nó léamh a thabhairt in aonad oideachais nó leabharlann ar bith i bpríosúin de chuid na Poblachta. Mairfidh na léamha nó ceardlanna ar feadh uair nó dhó. Ag braith ar riachtanais an mhúinteora, na scoile nó an leabharlannaí, is féidir léamh a dhéanamh uair amháin agus ceardlann a dhéanamh i sraith chuairteanna (cúig nó sé go bliantúil). Dámhtar €1,000 in aghaidh na ceardlainne ar an meán. Tá painéal de scríbhneoirí leasmhara agus iad cáilithe mar is cuí ann cheana féin. Ba cheart don té ag a bhfuil suim acu a bheith ar an bpainéal dul i dteagmháil leis an gcomhordaitheoir. Má tá duine ainmnithe ar an bpainéal, ní hionann sin is a rá go mbronnfar dámhachtain air/uirthi.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Oideachas sa tSeirbhís Phríosúin téigh chuig www.pesireland.org.
Spriocdháta
Dada. Glactar le hiarratais am ar bith sa bhliain acadúil.
Sonraí teagmhála
Bernadette Butler
Comhordaitheoir, Scéim na Scríbhneoirí sna Príosúin
An tAonad Oideachais
Príosún an Chaisleáin Riabhaigh
Caisleán Riabhach
Co. Ros Comáin
Teil: +353 94 962 5290
Facs: +353 94 962 5401
Ríomhphost: bernbutler@yahoo.com
Gréasán: www.pesireland.org