Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€20000
Foirm ealaíne:
Gach ceann díobh
Cineál lucht éisteachta:
Eagraíocht
Comhoibriú
Yes
Teagmhálaí:
Regina OShea, Natalie Byrne
Post:
Festivals Team
Teileafón:
6180260; 6180284
Ríomhphost:
smallfestivals@artscouncil.ie
Spriocdháta
5.30 i.n., Déardaoin an 7 Feabhra 2013
Is é seo an dáta deiridh le haghaidh féilte agus imeachtaí a bheidh ar siúl idir 1 Iúil agus 31 Nollaig 2013.
Tá scéim nua bunaithe ag an gComhairle Ealaíon chun tacú le féilte agus le himeachtaí. Tá Scéim na bhFéilte Beaga a bhíodh ann roimhe seo cuimsithe i Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí. Rinneadh an t-athrú seo mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar ghnéithe de struchtúir agus de chórais mhaoinithe na Comhairle agus eascraíonn sé i gcomhthéacs na timpeallachta buiséadaí reatha. Aithníonn an Chomhairle an ról sainiúil a imríonn féilte ealaíon maidir le próifíl ealaíon bheoga a choinneáil ar leibhéal áitiúil. Cuireann féilte deiseanna ar fáil do lucht éisteachta/lucht féachana agus d’ealaíontóirí chun saothar nua agus bealaí nua chun obair a dhéanamh a bhrath. Aithníonn an Chomhairle an cion mór oibre a dhéanann na coistí deonacha gníomhacha maidir leis na féilte sin a fhorbairt.
Féadfaigh féilte ildisciplíneacha agus féilte foirm ealaíne aonair cur isteach ar Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí, mar a bhí amhlaidh i gcás Scéim na bhFeilte Beaga. Is é atá i gceist le himeachtaí ná tionscadail aon ócáide nó cláir a bheidh ar siúl thar roinnt míonna (m.sh. sraith ceolchoirmeacha).
Tá trí shraith maoinithe ar fáil:
- Sraith 1: Suas le €10,000
- Sraith 2: Idir €10,001 agus €20,000
- Sraith 3: Idir €20,001 agus €40,000
Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar fáil deagraíochtaí a chuireann chun cinn féilte nó imeachtaí a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta acu, a bheidh ar siúl i rith an dara leath den bhliain féilire 2013.
Ní mór d’iarratasóirí céad uaire agus d’iarratasóirí nár maoiníodh roimhe seo trí Scéim na bhFéilte Beaga iarratas a chur isteach chuig Sraith 1 amháin. Moltar d’fhéilte a fuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon roimhe seo faoi Scéim na bhFéilte Beaga iarratas a dhéanamh ar Shraith 1 nó ar Shraith 2, faoi réir leibhéal an mhaoinithe is déanaí a fuarthas. Tá sé beartaithe go bhfreastalófar i Sraith 3 ar líon beag féilte, a bhíodh maoinithe roimhe seo ar bhonn athfhillteach faoi shruth maoinithe an Deontais le haghaidh Clár Bliantúil, ach a bhfuil cuireadh tugtha dóibh iarratas a dhéanamh faoi Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar bhonn neamh-athfhillteach. Moltar d’eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh faoin tsraith seo teagmháil a dhéanamh go díreach le Ceann na bhFéilte, Úna McCarthy.
Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí, arna measúnú ag painéal piaraí.
Conas ar cheart dom iarratas a dhéanamh?
Tá suíomh Gréasáin i gcomhair seirbhísí ar líne seolta ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhar tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 40 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Tosóidh an treimhse ama chun iarratas a dhéanamh ar líne ar an 18 Nollaigh 2012).
Chun iarratas a dhéanamh den chéad uair ar scéim na bhféilte beaga, beidh ort clárú ag https://onlineservices.artscouncil.ie/Secure/Login.aspx?lang=en-ie. Má tá tú cláraithe cheana féin, ní gá duit athchlárú. (Tabhair faoi deara nach féidir leat clárú idir an 20 Nollaig 2012 agus an 7 Eanáir 2013).
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ faoin teideal ‘Úsáideoir Nua’.
- Cláraigh mar eagraíocht/grúpa agus roghnaigh ‘Ar aghaidh’.
- Líon isteach na sonraí atá ag teastáil agus cliceáil ar ‘Cláraigh’.
- Gheobhaidh tú ríomhphost go luath ina dtabharfar sonraí do phasfhocail duit chun logáil isteach.
Tar éis duit do ríomhphost a fháil agus logáil isteach ar an suíomh ar líne, beidh tú in ann foirm iarratais agud nótaí treorach a íoslódáil le haghaidh cibé Sraith ar mian leat iarratas a dhéanamh fúithi.
Chun faisnéis bhreise a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas.
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh
- Youtube: Treoir físe chéim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.
Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach tríd an bpost, ar an ríomhphost ná ar fhacs.
NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS DHÉANACHA.
Treoirlínte
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun cóip de na treoirlínte don tSraith ar mian leat iarratas a dhéanamh fúithi a íoslódáil: