Dámhachtain Sparánachta Rannpháirtíocht
Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
€10000
Foirm ealaíne:
Na healaíona rannpháirteachais
Cineál lucht éisteachta:
Ealaíontóir
Comhoibriú
No
Teileafón:
01 61 80 200
Ríomhphost:
awards@artscouncil.ie
Cuspóir na dámachtana
Is é cuspóir na dámhachtana tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tugtar am agus acmhainní leis an dámhachtain d’ealaíontóirí smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas ealaíne.
Íoslódáil treoirlínte na dámhachtana
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil mar PDF nó mar dhoiciméad Word i bhformáid mhór. Mura bhfeileann sé seo duit, déan teagmháil leis an gComhairle Ealaíon.
Seirbhísí ar líne
Tá suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne ag an gComhairle Ealaíon. Ní mór gach iarratas a chur isteach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne. Is féidir leat réimse leathan ábhair tacaíochta a uaslódáil i bhformáid leictreonach (suas le 40 MB san iomlán) i dteannta d’fhoirme iarratais.
Tosóidh an tréimhse ama chun iarratas a dhéanamh ar líne ar an 10/12/2012.
Caithfidh tú clárú leis an suíomh sula mbeidh tú ábalta iarratas ar líne a dhéanamh. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir. Cliceáil anseo chun clárú anois.
Chun faisnéis a fháil maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, téigh chuig na naisc seo a leanas:
- Ceisteanna Coitianta na seirbhísí ar líne: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh.
- Youtube: Treoir físe chéim ar chéim maidir le conas foirm iarratais ar mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlánú agus a uaslódáil.
- Twitter: liosta de theachtaireachtaí faoi mhaoiniú ar Twitter.