Scéim Ensembles na n Óg

Spriocdháta: Spriocdháta thart

Suim a dámhadh: €10000

Foirm ealaíne: Ailtireacht,Sorcas,Rince,Féilte agus imeachtaí,Scannáin,Litríocht an Bhéarla,Litríocht na Gaeilge,Na healaíona áitiúla,Na healaíona ildisciplíneacha,Ceol,Ceoldráma,Compántais léiriúcháin,An Ealaín Phoiblí,Eagraíochtaí acmhainne,Seónna,Sráidealaine,Téatar,Na healaíona traidisiúnta,Ionaid Tionóil,Na físealaíona,Daoine óga, páistí agus na healaíona

Cineál lucht éisteachta: All (GA)

Comhoibriú Yes

Teagmhálaí: Mathilde Veldt

Post: Assistant, Young People Children & Education

Teileafón: 01 618 02 50

Ríomhphost: mathilde.veldt@artscouncil.ie


Spriocdháta

20 Márta 2009

Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana

Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná tacú le ensembles na n-óg chun a gcleachtas ealaíonta a fhorbairt i gcomhthéacs lasmuigh den scoil. Tugann sí tosaíocht do thionscnaimh a léiríonn fís ealaíonta soiléir san fhoirm/sna foirmeacha ealaíne ar leith a léirítear, in éineacht le próiseas a bhraitheann fiúntas i rannpháirtíocht agus i gcruthaitheacht na ndaoine óga, agus i mbaint chriticiúil a bheith acu leis na healaíona.

I gcomhthéacs na dámhachtana seo, tagraíonn ensemble na n-óg do ghrúpa daoine óga a oibríonn le chéile, thar thréimhse sínte de ghnáth, chun ealaíon a chruthú. Tá an ciste seo dírithe ar ghrúpaí a bhfuil a mballraíocht ghinearálta níos sine ná 12 agus níos óige ná 23, agus ar na heagraíochtaí acmhainne a thugann tacaíocht dóibh.

Féadfar iarratais a chur isteach chun duail áirithe de shaothar reatha an ensemble a fhorbairt, nó chun tionscnaimh nua a iniúchadh. Sa chás go bhfuil ensemble nua á mholadh tríd an scéim seo, caithfidh na tionscnaimh cur leis an mbonn atá acu cheana féin agus ba chóir dóibh aidhmeanna fadtéarmacha a léiriú. Ní mór go dtarlódh na tionscadail nó tionscnaimh go hiomlán, nó go dtarlódh cuid shuntasach dóibh, i 2009.

Rinneadh píolótú ar Scéim Ensembles na nÓg in 2008. Seans go mbeidh athraithe sna treoirlínte agus san fhoirm iarratais in 2010 toisc go bhfuil measúnú leanúnach ar an scéim ar bun.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Féach na nótaí treorach ginearálta ar Cháilitheacht agus Coinníollacha. Is féidir leo seo a leanas a bheith san áireamh mar shamplaí de ensemble:

  • ceolfhoireann ógra
  • cór ógra
  • banna ceoil óg
  • grúpa ceoil thraidisiúnta de dhaoine óga
  • téatar ógra
  • scannán ógra, beochana nó grúpa meán digiteach
  • grúpa rince ógra
  • grúpa sorcas, taibhléirithe, nó téatar sráide ógra

Tá an dámhachtain oscailte chomh maith do ghrúpaí nach dtugann ensemble orthu féin bfhéidir, ach go nglacann siad cur chuige comhchoiteann, comhchosúil maidir le healaíon a chruthú, ar nós:

  • grúpa damharcealaíontóirí óga a oibríonn le chéile chun taispeántais dá gcuid saothair a chruthú (nó comhshaothair aonair ealaíne ar nós píosaí múrmhaisithe nó graifítí);
  • grúpa dfhilí nó údair óga a fhoilsíonn nó a thaibhíonn a gcuid saothair le chéile;
  • grúpa daoine óga a chuireann roinnt foirmeacha ealaíne le chéile chun comhthaibhithe/comhimeachtaí a chruthú.

Féadann ensembles na n-óg atá bunaithe mar eagraíochtaí ealaíon iontu féin a bheith ina iarratasóirí, chomh maith le ensembles nach bhfuil chomh foirmiúil sin atá faoi óstaíocht - nó atá réidh le comhpháirtíocht a fhorbairt le - eagraíocht ealaíon, ionad ealaíon, caife ógra, údarás áitiúil, eagraíocht acmhainne ealaíon don ógra nó eagraíocht um sheirbhís ógra.

Is féidir le heagraíochtaí acmhainne ealaíon don ógra iarratas a chur isteach dfhonn tacú le raon densembles atá ag teacht chun cinn nó atá seanbhunaithe faoi chomhthionscnamh. Más mian le heagraíocht ar bith iarratas a chur isteach ar níos mó ná tionscadal nó tionscnamh leithleach amháin, caithfear iarratas ar leith a chur isteach le haghaidh gach togra.

Cad é nach bhfuil incháilithe?

Féach na nótaí treorach ginearálta ar Cháilitheacht. Ina theannta sin, measfar na rudaí seo a leanas a bheith neamh-incháilithe faoin dámhachtain seo:

  • Iarratais a mbeadh an toradh céanna orthu is a bheadh ar mhaoiniú eile arna dhámhachtain ag an gComhairle Ealaíon nó ag foinsí eile;
  • Iarratais ó eagraíochtaí nó ealaíontóirí aonair ag cruthú saothair do leanaí agus do dhaoine óga, ach ina bhfuil leanaí nó daoine óga ina dtomhaltóirí go príomha ar an bpróiseas/táirge ealaíonta mar bhaill den lucht féachana, seachas mar rannpháirtithe gníomhacha ag na céimeanna forbartha agus sa tsaothar ealaíne ar fad;
  • Imeachtaí comórtasacha (i.e. áit a bhfuil an comórtas mar an ngné cheannasach den togra);
  • Gníomhaíochtaí ag tarlú i gcomhthéacs oideachas foirmiúil (i.e. scoil nó coláiste);
  • Iarratais ó scoileanna, institiúidí nó chompántais atá faoi thiomáint thráchtála;
  • Iarratais ó dhaoine aonair nó ghrúpaí nach bhfuil comhcheangailte nó nach bhfuil ina bpáirtithe le heagraíocht (beidh ar na grúpaí seo comhpháirtíocht dá leithéid a fhorbairt do chuspóirí na dámhachtana seo);
  • Tionscadail neamhspleácha nach bhfuil oiriúnach laistigh de chomhthéacs níos leithne - i.e. nach gcuireann le hobair reatha/roimhe seo ná nach dtacaíonn le pleananna fadtéarmacha ensemble nó eagraíocht;
  • Tionscnaimh a tharla roimh an spriocdháta diarratais.

Céard air, agus cá mhéad, ar féidir liom iarratas a chur isteach lena aghaidh?

Cuirfidh an scéim deontais de luachanna idir €500 agus €20,000 ar fáil, ag brath ar scóip agus uaillmhian na dtionscnamh molta. Measfar na nithe seo a leanas a bheith neamh-incháilithe:

  • Táillí ar chúrsa nó speansais chun tacú le cláir oiliúna lán-aimseartha do dhaoine aonair;
  • Táillí ealaíne do dhaoine óga atá i gceist;
  • Costais chaipitiúla mhóra nó costais ar threalaimh

Treoirlínte/tosaíochtaí do chleachtais ealaíon

Seo a leanas treoir maidir leis na cineál moltaí a bhféadfaí tacú leo faoin scéim seo. Cuireann sé síos freisin ar aon chritéir nó tosaíochtaí eile. Samplaí de thograí féideartha:

  • Dfhéadfadh ceolfhoireann ógra nó cór ógra moladh a chur isteach chun próiseas a éascú in nglacfadh baill óga páirt ghníomhach i gcruthú saothair nua a iniúchadh nó go rachadh siad i gcion air, nó i léirmhíniú nua a thabhairt ar shaothar atá ann cheana féin;
  • Dfhéadfadh eagraíocht acmhainne ógra iarratas a chur isteach ar mhaoiniú chun forbairt ghairmiúil cheannairí (ceannairí óga san áireamh) a éascú, trí mhalartuithe nó thionscnaimh eile um chumais a fhorbairt, a chuireann dúshlán faoi ghrúpaí a gcleachtas ealaíonta a leathnú agus léirmheas a thabhairt air, nó a chuireann ar chumas ensembles a mbeartais agus a gcleachtas a fhorbairt maidir le rannpháirtíocht chruthaitheach dhaoine óga sa phróiseas ealaíonta;
  • Dfhéadfadh téatar ógra, banna ceoil óg nó grúpa scannán ógra iarratas a chur isteach ar acmhainní áirithe, ar nós meantóireacht ealaíonta, rannpháirtíocht i bhféile, nó forbairt cumais do cheannairí (ceannairí óga san áireamh), a chuirfidh ar a gcumas a gcuid aidhmeanna ealaíne a bhaint amach níos fearr maidir le tionscnaimh nua nó leanúnacha;
  • Dfhéadfadh grúpa daisteoirí óga, cheoltóirí óga, amharcealaíontóirí óga nó ealaíontóirí óga na meán nua iarratas a chur isteach ar ensemble nua a chruthú nó a fhorbairt mar thionscnamh géige, sínte nó an chéad chéim eile a chuireann lena dtaithí le tionscadal ealaíon ógra reatha nó roimhe seo.

Tabharfaimid tosaíocht diarratais do thograí:

  • a chumasaíonn saothar ar ardcháilíocht ealaíonta nó a thacaíonn leis - lena bhfuilimid ag tagairt go ginearálta do phróisis ealaíonta agus aschuir atá uaillmhianach agus tionscantach; inniúil go teicniúil; a nascann le daoine; agus a fhágann dúshlán faoi dhaoine nó a thugann dúshlán dóibh i mbealach buan;
  • a bhfuil cruthaitheacht agus rannpháirtíocht dhaoine óga lárnach dóibh;
  • a léiríonn dea-chleachtas, nó a chuirfidh ar chumas grúpaí a gcumas a fhorbairt chun dea-chleachtas a bhaint amach, i dtéarmaí fhorbairt ealaíonta agus fhorbairt phearsanta agus shóisialta ábhartha dhaoine óga;
  • a ligeann do dhaoine óga tarraingt ar a dtaithí phearsanta agus ar a gcruinneshamhail agus iad ag plé leis na healaíona; agus deiseanna a sholáthar dóibh chun a gcuid smaointe féin agus smaointe nua a cheistiú agus guth ealaíne na n-óg a fhorbairt;
  • a ligeann do dhaoine, pé áit is féidir, nascadh le daoine óga a bhfuil cúlraí cultúrtha nó sóisialta éagsúla acu trí chomhimeachtaí ealaíonta;
  • a léiríonn tiomantas do chleachtas agus mheastóireacht athmhachnamhach;
  • a chuireann leis an mbonn atá ann cheana féin agus a bhfuil aidhmeanna fadtéarmacha acu.

Conas iarratas a dhéanamh?

Iarr foirm iarratais ón gComhairle Ealaíon.

Cur síos mionsonraithe

Agus cur síos mionsonraithe á ullmhú agat le tacú le diarratas, féach na nótaí treorach ginearálta sa rannóg ar Ábhar Tacaíochta.

Ábhar tacaíochta eile

Féach na nótaí treorach ginearálta sa rannóg ar Ábhar Tacaíochta. Ina theannta seo, seo a leanas ábhar tacaíochta atá riachtanach don dámhachtain seo:

  • i gcás tograí atá bainteach le daoine óga de 18 mbliana daois nó níos óige, beidh fianaise de bheartais agus gnásanna maidir le cosaint páistí a bheith i bhfeidhm ag teastáil tríd clár ama na dámhachtana;
  • beidh litreacha ábhartha agus fianaise tacaíochta eile maidir le comhoibriú le eochair-pháirtithe nó páirtithe leasmhara lárnach don togra;
  • cháipéisíocht ar chleachtas an ensemble agus/nó na heagraíochta atá i gceist (m.sh. teistiméireachtaí nó agallaimh taifeadta le daoine óga faoina dtaithí leis an ensemble agus na huaillmhianta atá acu dó, nó an saintionscnamh lena mbaineann an t-iarratas);
  • pleananna do luacháil agus do cháipéisíocht.

Critéir Mheasúnaithe

Féach na nótaí treorach ginearálta ar Chritéir Mheasúnaithe.

Coinníollacha dámhachtana

Féach na nótaí treorach ginearálta ar Choinníollacha.

Chomh maith leis seo, caithfidh iarratasóirí a n-éiríonn leo faoin scéim seo, doiciméadú, meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar úsáid a ndámhachtana. Iarrtar ar iarratasóirí mar sin, foráil a dhéanamh do dhoiciméadú, mheastóireacht agus thuairisciú laistigh dá mbuiséid mholta dfhonn cabhrú leo chun na critéir seo a chomhlíonadh. Seolfar sonraí iomlána an phróisis tuairiscithe ag iarratasóirí a n-éiríonn leo.

Le haghaidh tuilleadh eolais

Teil: +353 1 6180200

Callsave: 1850 392 492

R-phost: awards@artscouncil.ie   

Application Form Irish (0.17 MB, MS Word) 

Application Form English (0.17 MB, MS Word) 

Aimsigh uirlis mhaoinithe