Spriocdháta:
Spriocdháta thart
Suim a dámhadh:
Unlimited
Foirm ealaíne:
Ceol, Ceoldráma
Cineál lucht éisteachta:
All (GA)
Comhoibriú
Yes
Áisínteacht sheachtrach:
Music Network
Seoltaí leathanach gréasán na n-áisíneachtaí seachtracha:
www.musicnetwork.ie
Teileafón:
+353 1 671 94 29
Ríomhphost:
concertadmin@musicnetwork.ie
Arna feidhmiú agMusic Network
Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Music Network a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Music Network.
Cur síos
Cuireann an scéim tacaíocht ar fáil do thaibheoirí agus do chumadóirí gairmiúla in Éirinn agus cuireann sí maoiniú ar fáil le haghaidh taifeadadh ceoil. Is í aidhm na scéime seo deimhniú go mbíonn saothar cumadóirí agus oirfideach Éireannach le fáil i bhformáid éigin seachas beoléiriú, agus deimhniú go gcaomhnaítear gnéithe tábhachtacha den cheol Éireannach, agus gnéithe a ndearnadh faillí orthu, agus go gcraobhscaoiltear iad de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde ar fad.
Cabhraíonn an scéim le táirgeadh agus scaipeadh clostaifeadtaí nó fístaifeadtaí. Tugann sé tacaíocht do thaibheoirí agus do chumadóirí aitheanta atá ag obair i seánraí neamhthráchtála. Ní thugann an scéim seo taifeadtaí samplacha nó thionscadail taifeadta phríobháideacha óir tá sí deartha le tacaíocht a thabhairt do thaifeadtaí a bheidh ar fáil don phobal.
In 2011 cuireadh ciste dámhachtana iomlán de €80,000 ar fáil agus bronnadh dámhachtainí aonair suas le €10,000. Seans go mbeidh an buiséad mórán mar an gcéanna in 2012.
Spriocdháta
17 Meán Fómhair 2012. Féach ar láithreán gréasáin www.musicnetwork.ie nó déan teagmháil leis an eagraíocht chun tuilleadh sonraí a fháil.
Sonraí teagmhála
Andreas Ziemons
Performance Programmes Administrator
An Scéim Taifeadta Ceoil
Music Network
Teach an Chóiste
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil: +353 1 671 9429
Facs: +353 1 671 9430
Ríomhphost concertadmin@musicnetwork.ie
Gréasán: www.musicnetwork.ie