Cé atá maoinithe againn

Tá liosta de na cinntí a rinne an Chomhairle Ealaíon i 2007-2013 le fáil i mbunachar sonraí na gcinntí.  Foilsítear cinntí sa ghnáthchúrsa  i nuachtlitir na Comhairle Ealaíon agus déantar cinntí stairiúla a thaifead i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle atá ar fáil ar líne sa roinn foilseacháin.

 

Cinntí cuardaigh


Dhámhachtain Taifeadta Deis 2012


Panel: Zoe Conway, Liam O'Connor, Nicholas Carolan


Bhí 66 n-iarratas ann don bhabhta seo; le 28 dhámhachtain molta arbh fhiú €90,100 iad.

Faighteoir Cur Síos Limistéar Oibre Ionad Bronnta

Barry, Leonard

Ildánacht na bpíb uilleann a léiriú i roinnt stíleanna réigiúnacha den cheol traidisiúnta. Seinm aonréadach a chur i gcomparáid le rogha dísréad agus tríréad chun comhcheangail cheoil nár chualathas roimhe seo a scrúdú

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

€3,000

Callery, Phil

Albam amhrán traidisiúnta leis an ngrúpa gutha traidisiúnta the Voice Squad a thaifeadadh, ag díriú ar chodanna dá repertoire atá taibhithe ach nach bhfuil taifeadta. Seolfar an t-albam ag deireadh na bliana 2012

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae na Mí

€3,500

Cheevers, Luke

Albam aonréadach amhránaíochta gan tionlacan leis an amhránaí Éireannach traidisiúnta aitheanta; Luke Cheevers, a thaifeadadh. Tá cáil ar Luke as ucht a repertoire agus a stíl sainiúil Baile Átha Cliathach. Is é seo a chéad albam.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

€2,800

Comharchumann Dhún Chaoin

20 amhrán sean-nóis de chuid Labhráis Mhic Shíthigh, a taifeadadh i luathbhlianta Raidió na Gaeltachta, a bhailiú, a chur in eagar agus a thras-scríobh. An bailiúchán a fhoilsiú mar CD in éineacht le liricí tras-scríofa chomh maith le nótaí maidir leis na foinsí.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Chiarraí

€2,500

Crawford, Kevin

Albam de chuid na Teetotallers a thaifeadadh d’fhoinn neamhghnácha nár taifeadadh roimhe seo ó Chontae an Chláir, chomh maith le ceithre amhrán atá ábhartha ó thaobh staire agus tíreolaíochta de. Is tríréad nua iad The Teetotallers ina bhfuil Martin Hayes, John Doyle agus Kevin Crawford.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae an Chláir

€4,000

de Mórdha, Dáithí

Bailiúchán amhrán ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, a bailíodh ó chartlanna éagsúla le céad bliain anuas, a fhoilsiú i bhfoirm CD agus leabhráin, le halbam atá le híoslódáil, chomh maith le suíomh Gréasáin chun an t-albam a dhíol.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Chiarraí

€3,150

Dwyer, John

Ceol John Dwyer a thaifeadadh chun rogha ceoil a cumadh le linn a shaoil a chuimsiú - níor taifeadadh go leor de roimhe seo - chomh maith le rogha ceoil traidisiúnta.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Phort Láirge

€3,000

Gaelacadamh Teo, An

Bailiúchán amhrán ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, a bailíodh ó chartlanna éagsúla le céad bliain anuas, a fhoilsiú i bhfoirm CD agus leabhráin, le halbam atá le híoslódáil, agus suíomh Gréasáin chun an t-albam a dhíol.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

€2,500

Gannon, Colm

CD de repertoire agus foinn ar thángthas orthu le déanaí i gceantar Chonamara a thaifeadadh. Tháinig an t-iarratasóir ar an ábhar seo mar thoradh ar shaothar cartlainne arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae na Gaillimhe

€4,000

Gill, Emmett

CD de dhíséid fidle agus píbe bunaithe ar shuim choitianta i gceol traidisiúnta na hÉireann. Tá an t-iarratasóir tar éis taighde a dhéanamh agus go leor foinn a chasadh nach bhfuil taifeadta ar CD roimhe seo.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

€2,850

Houton Music

Albam díséid a thaifeadadh a chuirfidh le cumas agus forbairt ceoil na n-iarratasóirí mar cheoltóirí gairmiúla. Cuirfidh an t-albam a gcuid saothair chun cinn, cruthóidh sé tuilleadh deiseanna taibhithe agus beidh saothar ceoil nua; repertoire ó thuaisceart Dhún na nGall agus ceol ó bhailiúcháin Bunting mar chuid de.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Dhún na nGall

€2,750

John McKenna Traditional Society Lt

CD de cheol fliúit John McKenna, atá bunaithe ar cheirníní 78 atá athmháistrithe go digiteach agus ar ábhar a fuarthas le déanaí a bhronn a mhuintir ar Chumann John McKenna.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Liatroma

€2,800

Mac Con Iomaire, Colm

Albam a thaifeadadh le teacht i ndiaidh albam 2008 'The Hare's Corner-Cúinne an Ghiorria'. Is taifeadadh ionstraime a bheidh ann de shaothar nua arna sheinm ar ionstraimí fuaime éagsúla le cabhair ó roinnt comhoibrithe eile ar an gcláirseach, ar an basúcaí, ar an bpianó, ar na drumaí agus ar théaduirlisí.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Loch Garman

€3,500

McCarthy, Seán

Tá sé i gceist ag an ngrúpa ceoil thraidisiúnta óg Éireannach FullSet albam 12 fhuaimrian d’fhoinn agus amhráin thraidisiúnta agus nuachumtha a thaifeadadh ag leanúint óna n-albam céadligin ‘Notes At Liberty’.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Chorcaí

€2,750

Na Mooney's

CD de cheol agus amhráin thraidisiúnta na hÉireann ó Ghaeltacht Iarthuaisceart Dhún na nGall leis na Mooneys a thaifeadadh. Thosaigh siad ag seinm ina ndéaga le Ceoltóirí Altan sna 70í agus beidh Ciarán ag seinm le Mairéad, Gearóid agus Anna chun a gcuid ceoil a thaifeadadh le chéile ar CD den chéad uair.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Dhún na nGall

€3,500

Ní Charra, Niamh

Albam ómóis a thaifeadadh do cheoltóir Sliabh Luachra Cuz Teadhan, a chuaigh ar imirce go Chicago sna 1920í. Rogha saothair agus foinn a bhaineann leis a chuimsiú. Aíonna speisialta as Chicago agus as Éirinn a d’fhás aníos lena chuid ceoil.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

€4,500

Ní Riada, Liadh

CD de chuid na Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha a léiriú ina ndíreofar ar stíl ar leith Mhúscraí.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Chorcaí

€3,000

Nic Cormaic, Aoife

CD d’fhoinn nuachumtha a thaifeadadh, ina mbeidh na foinn go léir scríofa, cóirithe agus taibhithe ag an gceoltóir fidle traidisiúnta Aoife Nic Cormaic le tionlacan ó Frank Tate ar an mbasúcaí.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

€3,000

Ó Beaglaoich Snr, Breanndán

Ag leanúint ó Chamchuairt na hÉireann Music Network i Meán Fómhair seo caite, tá sé ar intinn ag na hiarratasóirí camchuairt eile a eagrú i Meán Fómhair seo chugainn agus taifeadadh beo a dhéanamh ar an gceolchoirm dheiridh.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Chiarraí

€3,500

Ó Cathasaigh, Roibeard

DVD uair an chloig a fhorbairt de scéalaíocht Bab Feiritéar le fotheidil i nGaeilge agus i mBéarla bunaithe ar thaifeadadh físe ó 1985. An DVD a fhoilsiú i leabhar ina bhfuil téacs na scéalta chomh maith le tráchtaireacht agus nótaí saoithiúla.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Luimnigh

€3,500

O'Brien Moran, Jimmy

Taifeadadh a dhéanamh ar cheol Paddy Conneely (Píobaire na Gaillimhe c.1800-1851) a raibh a cheol bailithe ag Petrie, Forde, an Tiarna Rossmore agus na Deartháireacha Hudson sna 1840í.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Phort Láirge

€3,000

Regan, Colm

Albam cnaipchairdín aonréadach de cheol traidisiúnta a thaifeadadh, a bheidh comhdhéanta d’fhoinn thraidisiúnta ó Liatroim agus saothar nua arna spreagadh ag finscéal Liatroma faoin Dobhar-Chú. Teicnící nuálacha seanma cairdín a chur i láthair a thagann le stíl an réigiúin.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Fhine Gall

€3,000

Rynne, Pádraig

Albam stiúideo a thaifeadadh a dhíreoidh go príomha ar mheascán d’fhoinn nuachumtha agus foinn níos sine lenár gcóiriú sainiúil féin, le cur chuige nua-aimseartha ag na cóirithe taca, ina n-úsáidfear leictreonaic, agus an tionchar traidisiúnta fós le brath san fhonn.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae an Chláir

€2,500

Sheehan, Gary

Albam céadligin The Gloaming a thaifeadadh. Tháinig Martin Hayes, Iarla O'Lionaird, Dennis Cahill, Caoimhín O'Raghallaigh agus Thomas Bartlett le chéile in 2011 chun The Gloaming a bhunú. Bhí camchuairt rathúil ag an ngrúpa agus fuair siad lucht éisteachta agus léirmheasanna dearfacha.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Chorcaí

€3,000

Taylor, Mary

DVD Teagaisc de dhamhsa ar an sean-nós a thaifeadadh atá deartha do dhamhsóirí ag leibhéal idirmheánach agus os a chionn. Múinfear sraith céimeanna poirt agus sraith céimeanna ríle, le tionlacan ceoil á sheinm ag trí luas difriúla. Beidh sé seo ag leanúint ó DVD do thosaitheoirí a rinneadh roimhe seo.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

€3,000

The National Folklore Collection / Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Mar thoradh ar mhaoiniú a fuarthas roimhe seo ó Dhámhachtain Taifeadta Deis in 2010, tá digitiú agus athmháistriú déanta ag an iarratasóir ar bhailiúchán iomlán ceoil fidle Mickey Doherty arna thaifeadadh ag Cumann Béaloideas Éireann. An t-ábhar seo a fhoilsiú i bhfoirm CD agus leabhráin.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

€3,500

The Nest Collective

Turas seachtaine ag bailiú amhrán chun suirbhé a dhéanamh ar amhráin thraidisiúnta, ar eolas agus ar seanchas i measc Lucht Siúil na hÉireann laistigh den Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn. Beidh an t-ábhar a bhaileofar ar shuíomh Gréasáin nua ar a mbeidh portráidí ceoil de theaghlaigh agus stór amhrán ar mhaithe le feasacht acadúil agus chultúrtha níos leithne.

Na healaíona traidisiúnta

Idirnáisiúnta

€4,000

The Tin Sandwich Project

Is grúpa ceoltóirí ar a bhfuil John agus Pip Murphy, Benny McCarthy agus Dónal Clancy é an Tionscadal This Tin Sandwich. Beidh an taifeadadh bunaithe ar an orgán béil, an mileoidean, an giotár agus fonnadóireacht. Is leasainm ar an armónach atá i ‘tin sandwich’, agus is as sin a tháinig an t-ainm.

Na healaíona traidisiúnta

Comhairle Contae Loch Garman

€4,000