Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as na healaíona in Éirinn a mhaoiniú, a fhorbairt agus chur chun cinn. Aithníonn an Chomhairle go bhfuil tionchar mór sainiúil ag na healaíona ar an tsochaí fhorásach seo. Is comhlacht neamhspleách í an Chomhairle Ealaíon a bunaíodh i 1951 chun cleachtadh na n-ealaíon a spreagadh agus spéis, eolas agus léirthuiscint i leith na n-ealaíon a spreagadh i measc an phobail agus feidhmíonn sí faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Comhlacht deonach is ea an Chomhairle Ealaíon, ina bhfuil 12 comhalta agus cathaoirleach, arna cheapadh ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar feadh thréimhse chúig bliana.
Is é an feidhmeannach a dhéanann obair leanúnach na Comhairle Ealaíon. Chomh maith leis an Stiúrthóir, cuireann 48 ball foirne atá ar chomhchéim leis feidhmeanna laethúla na heagraíochta i gcrích. Fostaítear comhairleoirí ealaíon, a sholáthraíonn sainchumas breise agus comhairle straitéiseach ar ghnéithe difriúla maidir leis na healaíona, ar bhonn comhairleach.
Le níos mó eolais a fháil faoin gComhairle Ealaíon, cliceáil ar cheann de na naisc seo a leanas.