Cuirfear réimse imeachtaí speisialta i láthair chun comhoibriú agus malartú ealaíonta a chur chun cinn i bhFéile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill 2013. Beidh ‘Oíche na hEorpa' ar siúl an 23 Eanáir i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath, agus beidh réimse iontach aíonna ann, idir phíobairí ón nGailís agus cóir agus damhsóirí tíre ón Laitvia, ón Liotuáin agus ón bPolainn. Tá ‘Oíche na Ríochta Aontaithe' i Halla na Cathrach ar an Satharn 26 Eanáir eagraithe i gcomhpháirt le hIonad na nÉireannach i Londain nó an London Irish Centre agus déanfar comh-oidhreacht ealaíontóirí na Breataine agus na hÉireann a cheiliúradh. Beidh na London Lasses, Brian Rooney agus Orlaith McAuliffe, an sársheinnteoir fliúit, le feiceáil sa chlár.
Beidh sraith imeachtaí ar siúl ag an bhFéile Thraidisiúnta ina gcuimseofar taibhiú agus léacht, agus ina ndéanfar scrúdú ar thionchar an cheoil san Eoraip mar fhórsa ar son na cuimsitheachta agus an chomhionannais.
Dátaí
22-27 Eanáir 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Féile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill
Comhpháirtithe
The London Irish Centre, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Tourism Ireland, Diageo, Fáilte Ireland
Tuilleadh eolais
www.templebartrad.com