30 Meitheamh 2013: Lá Eorpach ag Féile Cláirseach Idirnáisiúnta na Cúirte Cruitireachta (European Day at An Chúirt Chru

European Day at An Chúirt Chruitireachta International Harp Festival

Léireoidh Cairde na Cruite Ceolchoirm Gala chun a bhFéile bhliantúil Cruite na hÉireann, An Chúirt Chruitireachta a sheoladh, a bheidh ar siúl sa Ghrianán i dTearmann Feichín. Léireofar comhoibriú sa cheolchoirm seo idir cruitirí ó Albain, ón mBreatain Bheag, ón Danmhairg agus ó Éirinn, mar aon le príomhsheinnteoirí Éireannacha eile.

Déanfar comparáid agus codarsnacht sa chomhoibriú ar na stíleanna éagsúla a bhaineann le seinm cruitire, aschuir cheoil agus stíleanna idir seinnteoirí an-éagsúil ó chúlraí éagsúla, a rinne a gcleachtas a mhúnlú trí iliomad tionchair chultúir éagsúla.

Sonrófar deireadh Uachtaránacht na hÉireann leis an gceolchoirm iontach sin agus déanfaidh sé comóradh ar thús turais iontach do rannpháirtithe agus lucht éisteachta/lucht féachana féilte. Chomh maith lena chlár uathúil ceolchoirmeacha ina seinntear an chruit agus an cnagadh le chéile, cuireann an fhéile fáilte roimh chruitirí ó gach caighdeán idir ardseinnteoirí go dtí foghlaimeoirí ó thús chun páirt a ghlacadh i gceardlanna arna dtreorú ag sainteagascóirí na féile.

Dátaí

30 Meitheamh 2013

Contae

Ceanneagraíocht

Cairde na Cruite

Tuilleadh eolais

www.cairdenacruite.com/

Cuardaigh imeachtaí