Beidh Ensemble Calmus, atá bunaithe in Leipzig, ag casadh ceoil in éineacht le ensemble ó Éirinn, Camerata Kilkenny, an 18 Bealtaine in Ardeaglais Naomh Ceannach i gCill Chainnigh mar chuid de shraith an earraigh/an tsamhraidh de Music in Kilkenny. Seinnfear Cantata ‘Nach dir, Herr verlanget mich’, Cantata ‘Ich habe genug’ le haghaidh sopráin, fliúite, téaduirlisí agus basso continua mar aon leis an Orchestral Suite in B minor le J.S. Bach sa cheolchoirm.
Cuirfear an dá ensemble ceolchoirm i láthair freisin an 19 Bealtaine mar chuid de shraith ceolchoirmeacha Sundays @ Noon, Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath.
Dátaí
18 Bealtaine (Cill Chainnigh) agus 19 Bealtaine 2013 (Baile Átha Cliath)
Contae
Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Music in Kilkenny
Comhpháirtithe
Sraith ceolchoirmeacha Sundays @ Noon, Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath
Tuilleadh eolais
www.musicinkilkenny.com
http://www.hughlane.ie/sunday-concerts