23 Aibreán 2013: Crosbhóthar na Litríochta Eorpaí ag Cúirt 2013

Partners_for_imagination_14

Cuirfear tús le Cúirt 2013 le lá iomlán tiomnaithe do Chrosbhóthar na Litríochta Eorpaí: comhpháirtíocht idir an fhéile agus Féile Litríochta Idirnáisiúnta Vilenica sa tSlóivéin, agus Pordenonelegge i dtuaisceart na hIodáile. Beidh malartuithe idir údair agus imeachtaí liteartha don phobal mar chuid den tionscadal.

Beidh reacaireachtaí le scríbhneoirí ó Éirinn, ón tSlóivéin agus ón Iodáil ar siúl le linn Chúirt 2013. Reáchtálfar seimineár speisialta ar an téama "Crosbhóthar na Litríochta Eorpaí" ina ndéanfar plé agus machnamh ar chúrsa teanga agus aistriúcháin, agus beidh díospóireacht le painéal aoi-scríbhneoirí mar chuid den seimineár. I dteannta imeachtaí na féile, beidh scríbhneoir cónaitheach ón tSlóivéin ag cur faoi i nGaillimh idir deireadh mhí an Mhárta agus deireadh mhí Aibreáin. Tabharfaidh an duine seo cuairt ar áiteanna éagsúla i nGaillimh agus rachaidh sé i mbun scríbhneoireachta iontu, agus gheobhaidh sé taithí ar chultúr agus ar shaol laethúil na hÉireann mar chuid dá chónaitheacht scríbhneoireachta.

Dátaí

23 Aibreán 2013

Contae

Gaillimh

Ceanneagraíocht

Cúirt (Féile Litríochta Idirnáisiúnta)

Comhpháirtithe

Féile Litríochta Idirnáisiúnta Vilenica (An tSlóivéin), Pordenonelegge (An Iodáil)

Tuilleadh eolais

www.cuirt.ie/

Cuardaigh imeachtaí