Cuireann Féile Giotáir na hÉireann fáilte roimh an seinnteoir Francach Roland Dyens chun oibriú le seinnteoirí óga ó Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann agus scoileanna ceoil eile. Stiúrfaidh sé agus léireoidh sé ceolchoirm speisialta, ina mbeidh léiriú de Concert en Si, ceann dá shárshaothar le haghaidh ceolfhoireann mhór giotáir (21 giotár).
Beidh deis ag seinnteoirí óga oibriú go dlúth le Dyens i rith sheachtain na féile trí cheardlanna, ullmhú ceolchoirmeacha agus ranganna teagaisc cumadóireachta.
Dátaí
2-5 Bealtaine 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Féile Giotáir na hÉireann
Tuilleadh eolais
www.gfi.ie/