Tá sé mar aidhm ag Féile Liteartha na Fraince agus na hÉireann an cairdeas fada idir Éire, an Fhrainc agus tíortha eile ina labhraítear an Fhraincis a leathnú agus a fheabhsú. In 2013, déantar ceiliúradh san fhéile ar naisc chultúrtha Eorpacha in Éirinn agus spreagtar daoine chun eolas a chur ar shaothair litríochta de chuid na hÉireann, na Fraince, agus thíortha eile na hEorpa.
Mar gheall ar Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, osclaíonn an fhéile a doirse do scríbhneoirí ó roinnt tíortha san Eoraip. Beidh scríbhneoirí as roinnt tíortha san Eoraip, amhail Poblacht na Seice, an Bheilg, an Ghearmáin, Tuaisceart Éireann agus an Rómáin ag glacadh páirte i gcomhar le scríbhneoirí as Éirinn agus as an bhFrainc.
Dátaí
19-21 Aibreán 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Alliance Française agus Seirbhís Chultúrtha Ambasáid na Fraince
Comhpháirtithe
Foras na Gaeilge, Ambasáid Phoblacht na Seice, Ambasáid na Rómáine, Ambasáid na Beilge, Comhairle na Breataine, Goethe Institut, Éigse Éireann, Idirmhalartán Litríocht Éireann
Tuilleadh eolais
www.francoirishliteraryfestival.com