Déantar ceiliúradh in The Liffey Banks Diaspora Concert Series ar shaol bríomhar an cheoil thraidisiúnta agus tíre i bpobail Éireannacha i dtrí chathair sa Ríocht Aontaithe: Londain, Manchain agus Glaschú.
Beidh ealaíontóir ó cheann de na cathracha i mbun coimeádaíochta ar gach ceolchoirm ina léireofar oidhreacht agus cleachtas ceoil thraidisiúnta éagsúil an diaspóra. Beidh amhránaithe agus ceoltóirí fadbhunaithe agus atá ag teacht chun cinn sa chlár. Beidh an tsraith ar siúl sa Button Factory, Baile Átha Cliath.
Dátaí
Feabhra-Meitheamh 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Conor Byrne Music
Comhpháirtithe
The Button Factory, the Irish Centre Hammersmith, the Irish World Heritage Centre, Manchain.
Tuilleadh eolais
www.buttonfactory.ie