Beidh an tIonad Ceoil Chomhaimseartha ina óstach ar Future of Music 2.0, comhdháil agus ceardlann ina ndírítear ar na fadhbanna maidir le scaipeadh agus cur chun cinn a gcuid oibre ar líne a bhaineann do chumadóirí agus do cheoltóirí. Beidh ceardlann phraiticiúil do chumadóirí agus do cheoltóirí, á treorú ag saineolaithe sa réimse ó New Music Strategies, mar chuid den chomhdháil. I measc na rannpháirtithe a dtabharfar cuireadh dóibh beidh ionadaithe Eorpacha ó IAMIC agus cainteoirí ó Digital Repository Ireland agus Europeana.
Beidh cuairt ón ocht gcomhpháirtí tionscadail Eorpach ón Tionscadal Innovative Media and Music Heritage Impacting Vocational Education, a bhfuil an tIonad Ceoil Chomhaimseartha mar bhall de, á óstáil ag Future of Music 2.0 freisin. Is comhpháirtíocht Leonardo Da Vinci é seo, arna maoiniú faoin gClár Eorpach um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil.
Dates
Meitheamh 2013
County
Baile Átha Cliath
Name of lead organisation
An tIonad Ceoil Chomhaimseartha
Comhpháirtithe
International Association of Music Information Centres (IAMIC), New Music Strategies (An Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an Ísiltír)
Tuilleadh eolais
www.cmc.ie