Cuireann Féile Cheol Ársa na Gaillimhe fáilte roimh cóir Resurgam na hÉireann arna stiúradh ag Mark Duley, agus Erin Headley lena ensemble Atalante a bhuann gradaim. Tagann a comhaltaí as Éirinn, as an nGearmáin, an tSualainn, as an nGréig agus an Ríocht Aontaithe. Léireoidh Atalante agus Resurgam ceolchoirm ar fheabhas, ina mbeidh saothair ó Luigi Rossi, Marco Marazzoli, agus Domenico Mazzocchi.
Is é an lireon an spreagadh le haghaidh Alatante, uirlis bhogha iltéadach le fuaim neamhshaolta faoina ndeirtear go ‘n-iompraíonn sé an t-anam agus go dtógann sé an spiorad’. Le cois an lireon, cuimsíonn an Atalante an chláirseach, an síotarón agus an cruitchlár. Cruthóidh an ensemble seo atmaisféar gnáthshaolta le haghaidh stór gutha neamhchoitianta na Róimhe sa 17ú haois a bhfaighfear blaiseadh de ag an gceolchoirm speisialta seo.
Dátaí
11 Bealtaine 2013
Contae
Gaillimh
Ceanneagraíocht
Féile Cheol Ársa na Gaillimhe
Tuilleadh eolais
www.galwayearlymusic.com