Tá clár den scoth i Scoil Cheoil an Earraigh 2013 ina mbeidh Johan Hedin, seinnteoir nicilchláirsí ón tSualainn, Tarmo Noorma a mhúineann an bosca ceoil diatonach in Viljandi Culture College san Eastóin, agus an ceoltóir, damhsóir agus seinnteoir Hardanger, Sigrid Moldestad a bhfuil cáil uirthi ina tír dhúchais, an Iorua.
Le cois taibhithe, tabharfaidh an triúr ealaíontóirí cainteanna agus ceardlanna ina roinnfidh siad a gcleachtas sainiúil féin, mar aon le stair a n-uirlisí agus a dtraidisiún ceoil.
Dátaí
13-17 Feabhra 2013
Contae
Ciarraí
Ceanneagraíocht
Scoil Cheoil an Earraigh
Tuilleadh eolais
www.scoilcheoil.com