Is tionscadal ealaíon agus taistil é I want to tell you, atá deartha chun dúshlán a thabhairt do dhearcadh rannpháirtithe agus lucht féachana araon. Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí Eorpacha faoi mhíchumas saothar a sheoladh isteach i gcomhair taispeántas, agus cuirtear deis ar fáil dóibh taisteal agus dul i ngleic le malartuithe cruthaitheacha.
Tabharfaidh KCAT cuireadh d’ealaíontóirí óna n-eagraíochtaí comhpháirteacha Eorpacha agus ó ghrúpaí stiúideo Éireannacha amhail Cúig (Baile na mBocht), Luisne (Maigh Eo) agus Arts Ability (Loch Garman) chuig imeacht píolótach lae don tionscadal. Déanfaidh rannpháirtithe agus éascaitheoirí cur i láthair i gcomhar lena chéile maidir le cleachtas a stiúideo agus oibreoidh ealaíontóirí aonair arna moladh ag Arts Disability Ireland i gcomhar le chéile chun suiteáil mhúrmhaisithe a chruthú.
Dátaí
21 Meitheamh 2013
Contae
Cill Chainnigh
Ceanneagraíocht
Kilkenny Collective for Arts Talent (KCAT)
Comhpháirtithe
Cooperations Wiltz (Lucsamburg); Pyramid of Arts (An Ríocht Aontaithe); Naturatelier SKID Überlingen (An Ghearmáin)
Tuilleadh eolais
www.kcat.ie