Is imeacht bunaithe sa phobal é Dawn Chorus ina dtagann grúpaí gníomhaíochta lucht scoir le chéile le cór áitiúil agus ina gcanann siad luath ar maidin in aice le láthair éadan le huisce nó láthair ardscéimhe ina gceantar mar chuid d’fhéile na Bealtaine.
In 2013, tá súil ag Bealtaine an t-imeacht a scaipeadh chuig pobail san Eoraip agus forbrófar acmhainn dar teideal 'How to create a Dawn Chorus' Leis an acmhainn sin, cuirfear tacaíocht ealaíonta ar fáil do phobail atá ag glacadh páirte san imeacht cóir ‘Dawn Chorus’, agus forbrófar é i gcomhairle le comhpháirtithe áitiúla agus Eorpacha ón líonra 'Creating a New Old' (CANO), a bhfuil go leor eagraíochtaí ealaíon agus eagraíochtaí dírithe ar aois páirteach ann.
Dátaí
Bealtaine 2013
Contae
Ar fud na tíre
Ceanneagraíocht
Féile na Bealtaine / Age and Opportunity
Comhpháirtithe
Líonra CANO
Tuilleadh eolais
www.bealtaine.com