14 Bealtaine 2013: Stravinsky Evening

Stravinsky Evening

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhamhsa na hEorpa i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach, tugann Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath cuireadh do Chompántas Tero Saarinen ón bhFionlainn Stravinsky Evening a chur ar an stáitse. Tá Tero Saarinen ar dhuine den lucht déanta damhsa is mó san Eoraip, agus tá saothar cruthaithe aige le haghaidh compántais mhóra amhail Lyon Opera Ballet, Batsheva Dance Company agus Nederlands Dans Theater. Déantar ceiliúradh le Stravinsky Evening ar chomóradh céad bliain an chéad léirithe iomráitigh de Rite of Spring ag na Ballets Russes.

Damhsa aonair is ea HUNTS a chruthaigh Saarinen don phíosa ceoil Rite of Spring, ina bhfuil sé ina shealgaire agus ina thórán araon. Triantán grá atá in Petrushka le Saarinen atá léirithe le héirim agus le crithir scannán grinn gan fhuaim agus le dathanna an aonaigh. Seinneann beirt chairdíneoirí clasaiceacha an scór beo ar an stáitse i leagan iontach de bhailé Stravinsky.

Dátaí

14-15 Bealtaine 2013

Contae

Baile Átha Cliath

Ceanneagraíocht

Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath

Comhpháirtithe

Amharclann na Mainistreach, Ambasáid na Fionlainne, Compántas Tero Saarinen (An Fhionlainn)

Tuilleadh eolais

http://www.dublindancefestival.ie/festival-performances/stravinsky-evening/

Cuardaigh imeachtaí