Tabharfar cuireadh chuig Cork World Book Fest 2013 do thriúr scríbhneoirí iomráiteacha a bhíonn ag scríobh i dteangacha móra agus i dteangacha mionlaigh san Eoraip a bhfuil a saothar le feiceáil in Best European Fiction 2013 (cnuasach bliantúil scéalta ó cheann ceann na hEorpa).
Eagróidh an fhéile imeachtaí timpeall ar na reacaireachtaí sin lena n áirítear taispeántais de shaothair na scríbhneoirí a bheidh páirteach, agus taispeántais ar litríochtaí comhaimseartha sna teangacha a bheidh san fhéile.
Cuireadh an-fháilte roimh an gcnuasach Best European Fiction san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh araon, agus cnuasach iomráiteach atá ann anois sa saol liteartha. Ba é Aleksandar Hemon a chuir Best European Fiction 2013 in eagar, agus ba é John Banville a bhí mar aoi-eagarthóir Eorpach air.
Dátaí
23-27 Aibreán 2013
Contae
Corcaigh
Ceanneagraíocht
Féile Leabhair an Domhain Chorcaí (Cork World Book Fest)
Comhpháirtithe
Leabharlanna Chathair Chorcaí, Ionad Ealaíon Triskel
Tuilleadh eolais