In Aibreán 2013, tabharfaidh an Waterford Healing Arts Trust (WHAT) ceoltóirí lárnacha atá páirteach sa chlár Ceol sna hOspidéil le chéile i gcomhair chónaitheacht trí lá i bPort Láirge.
Bhí Music et Santé, Arts for Health agus WHAT páirteach sa chéad chlár, a maoiníodh faoi Cultúr 2000 in 2006. Déanfar athbheochan ar an gclár ceoil WHAT tríd an gcónaitheacht, trí úsáid a bhaint as saineolas ceoltóirí lárnacha amhail Philippe Bouteloup, Ros Howley agus Kevin O’ Shanahan. Beidh malartú eolais agus taithí ar siúl idir ceoltóirí WHAT agus aoicheoltóirí freisin; tionólfar sraith ceardlann ceoil i roinn nua-naíonna Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge agus i Seirbhísí Meabhairshláinte Phort Láirge; tabharfar aitheasc poiblí ina ndéanfar taifeadadh agus ceiliúradh ar an chéad chlár ceol in ospidéil, agus ina roinnfear oidhreacht agus tionchar an chláir sin.
Dátaí
Aibreán 2013
Contae
Port Láirge
Ceanneagraíocht
Waterford Healing Arts Trust (WHAT)
Comhpháirtithe
Musique et Santé (An Fhrainc), Royal Northern College of Music, Manchain, Seirbhísí Meabhairshláinte Phort Láirge, Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge
Tuilleadh eolais
www.waterfordhealingarts.com