Tá áthas orainn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson agus ag an gCeoláras Náisiúnta fáilte a chur roimh an gcumadóir scannán Dario Marialnelli go Baile Átha Cliath agus ceolchoirm dá scór scannáin a léiriú.
Déanfar an cumadóir Iodálach a thosaigh a ghairm scannán ar phríomhscannáin Éireannacha amhail Ailsa agus I Went Down a chomóradh sa sárthaispeántas seo. Bhuaigh Marianelli
Oscar, Golden Globe agus Ivor Novello sa chatagóir um Scór Úrnua Is Fearr don scannán gradaim Atonement, dá bhfuair sé ainmniúchán le haghaidh BAFTA chomh maith.
Léireoidh Ceolfhoireann Choirme RTÉ clár a roghnófar go sainiúil don Cheoláras Náisiúnta, a chuirfidh Dario Marianelli i láthair, lena n-áireofar ceol ó Ailsa agus I Went Down mar aon le taibhithe céadligin in Éirinn de The Brothers Grimm, Pride and Prejudice, Anna Karenina agus Atonement Suites. Is féidir ticéid a chur in áirithe go díreach tríd an gCeoláras Náisiúnta.
Dátaí
14-24 Feabhra 2013
Contae
Baile Átha Cliath
Ceanneagraíocht
Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson
Comhpháirtithe
An Ceoláras Náisiúnta; Ceolfhoireann Choirme RTÉ
Tuilleadh eolais
www.jdiff.com
www.nch.ie