Cuireann Féile Ealaíon na gCloch Liath fáilte roimh an gcuideachta téatair as an Ísiltír, Close-Act, chun comhoibriú a dhéanamh leo ar cheardlann agus ar thaibhiú an seó nua uathu, i-Puppets.
Baineann Close-Act úsáid as spás poiblí mar a limistéar taibhithe. Bíonn a gcineál uathúil téatair á chur i láthair i measc an phobail agus os a chionn. Cuirfidh Close-Act an seó seo i láthair ag an gcuan sna Clocha Liatha i gcomhar le rannpháirtithe i gceardlann. Baineann na haisteoirí úsáid as na nithe agus na foirgnimh atá mórthimpeall orthu sa taibhiú agus tagann bunathrú ar thimpeallacht an lucht féachana agus tugtar beocht don chuan.
Dátaí
2 Meitheamh 2013
Contae
Cill Mhantáin
Ceanneagraíocht
Féile Ealaíon na gCloch Liath
Comhpháirtithe
CLOSE-ACT
Tuilleadh eolais