Sraith imeachtaí atá i gceist le Guthanna na nOileán ina ndírítear ar an amhránaíocht thraidisiúnta sna Gaeltachtaí agus sa tSairdín. Beidh ceolchoirmeacha, lena n áirítear ceolchoirm le Tenores di Bitti ón tSairdín, mar chuid de na himeachtaí, mar aon le comhdháil dar teideal Caomhnú Ghuthanna na nOileán. Taispeánfar Aisling Gheal, scannán le Dónal Ó Céilleachair, freisin.
Déanfar iniúchadh ar thraidisiúin ársa agus ar chleachtais reatha amhránaíochta in Guthanna na nOileán, mar aon leis an gcaoi trína ndéantar na traidisiúin a sheachadadh chuig an gcéad ghlúin eile. Cuirfear deis ar fáil le haghaidh malartú ealaíne idir amhránaithe rannpháirteacha, agus cothófar naisc idir na Gaeltachtaí agus an tSairdín.
Dátaí
26-27 Aibreán 2013
Contae
Corcaigh
Ceanneagraíocht
Aisling Gheal
Comhpháirtithe
Tenores di Bitti (An tSairdín) agus Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.
Tuilleadh eolais
http://www.ionadculturtha.ie/