16 Bealtaine 2013: What the Body Does Not Remember

What the Body Does Not Remember

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhamhsa na hEorpa i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach, tugann Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath cuireadh do Ultima Vez ón mBeilg What the Body Does Not Remember a chur ar stáitse. Cruthaíodh tírdhreach nua don damhsa leis an gcéad saothar seo ó Wim Vandekeybus agus Ultima Vez nuair a léiríodh é den chéad uair in 1987. Anois, 25 bliain níos déanaí, cuirfear an saothar iomráiteach What the Body Does Not Remember ar an stáitse in Amharclann na Mainistreach ar feadh trí oíche. Spreagann scór drámatúil le Thierry de Mey agus Peter Vermeersch córagrafaíocht sheansúil gan stad - ní gnáthchomharthaíocht choirp é seo. Caitear brící go láidir trasna an stáitse, buaileann coirp lena chéile san aer. Cuirtear muinín san instinn, agus tá an muinín féin ríthábhachtach sa timpeallacht chontúirteach chomhraic seo.

Dátaí

16-18 Bealtaine 2013

Contae

Baile Átha Cliath

Ceanneagraíocht

Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath

Comhpháirtithe

Amharclann na Mainistreach, Ultima Vez (An Bheilg)

Tuilleadh eolais

http://www.dublindancefestival.ie/festival-performances/what-the-body-does-not-remember/

Cuardaigh imeachtaí