Na hEealaíona Áitiúla, An Eoraip

Tá 23 tionscadal sa tsraith Local Arts Europe de Culture Connects, agus baineann siad le go leor réimsí den chleachtas ealaíne idir dhamhsa comhaimseartha, sheónna gairmiúla, ealaín fuaime agus léarscáiliú físe. Tá gach aon tionscadal faoi stiúir Oifige Ealaíon na nÚdarás Áitiúil nó Ealaín na Gaeltachta agus iad ag obair i gcomhar le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus comhpháirtithe pobail ina gceantar áitiúil, mar aon le comhpháirtithe ealaíon bunaithe in áiteanna eile san Eoraip.

Glactar cur chuige uathúil i ngach aon comhpháirtíocht. Mar shampla, sa tionscadal The Future is Domestic i gContae an Chláir, déantar taiscéaladh turgnamhach ar dhéanamh ealaíne i bpobail bheaga tuaithe. Faoi tionscadal Voices From Shandon i gCathair Chorcaí, déantar coimisiúnú ar shaothair ealaíne ina mbíonn go leor daoine rannpháirteach agus a bheidh le feiceáil ag go leor daoine i gceantar uirbeach.

I bhformhór na dtionscnamh comhpháirtíochta faoi Local Arts Europe, amhail an European Arts Ability Weekend in Ionad Ealaíon Loch Garman, déantar iniúchadh ar an mbonn le haghaidh tionscadail Eorpacha ar théarma níos faide. Is saothair ealaíne uaillmhianacha eile iad tionscnaimh eile, amhail Awakening the Horsemen i nDún na nGall, atá á ndéanamh ag comhpháirtíochtaí ealaíon Eorpacha seanbhunaithe.

 

Cuardaigh imeachtaí

Practice Europe: artists network - connecting arts practice with children across Europe
Practice Europe: artists network - connecting arts practice with children across europe
Eanáir-Meitheamh 2013
Sligeach



 Looking out, Looking in
Looking out, Looking in
18-21 Márta 2013
Baile Átha Cliath Theas



Traditional Music of Europe
Ceol Traidisiúnta na hEorpa
21-25 Márta 2013
Baile Átha Cliath agus Fine Gall



I Could Read the Sky
I Could Read the Sky
Aibreán 2013
Maigh Eo



European Learning Lab - Collaborative Best Practice
Saotharlann Foghlama na hEorpa - Dea-Chleachtas Comhoibríoch
Aibreán-Bealtaine 2013
Baile Átha Cliath



This is Who We Are
This is Who We Are
23-29 Meitheamh 2013
Cill Dara



 
Local_arts_europe_19
arrow bullet icon

Ceardlann le MoKS i Mooste, an Eastóin. Grianghraf: John Griznick