Oibreoidh ealaíontóirí ó Dead Good Guides agus Mayo Artsquad le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar an stair shóisialta agus na tírdhreacha a nascann pobail áitiúla.
Tá stair maidir le forbairt daoine, áiteanna cónaithe, ceird, trádáil, cultúr agus na healaíona á stóráil i dtírdhreach fisiceach Bhaile Chruaich, ar fhorimeall mhór-roinn na hEorpa. Is é is aidhm leis an tionscadal na snáitheanna sin a nochtadh agus an t-eolas a úsáid chun feasacht a mhúscailt faoi na luachanna lena múnlaítear an lá inniu agus an todhchaí dúinn. Beidh ealaíontóirí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus pobail áitiúla rannpháirteach sa tionscadal. Beidh an t-imeacht poiblí deireanach ar siúl thar thrí lá agus beidh gné rannpháirtíochta láidir ann.
Dátaí
Aibreán 2013
Contae
Maigh Eo
Ceanneagraíocht
Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Comhpháirtithe
Mayo Artsquad, Dead Good Guides (Ríocht Aontaithe)
Tuilleadh eolais
www.mayococo.ie/en/Services/ArtsOffice/